Ag a chruinniú míosúil inné phléigh Bord TG4 an laghdú €2.77m ar a mhaoiniú reatha a fógraíodh mar chuid de ghiorruithe caiteachais an Rialtais ag tús na míosa. (D'fhógair an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Éamon Ryan, TD, ag an am sin go raibh deontas reatha bliantúil TG4 ón Roinn do 2009 á laghdú ó €38.01m go €35.23m).
Thug Bord TG4 le fios go raibh díomá air go raibh an laghdú seo déanta ar a mhaoiniú poiblí le linn tréimhse thar a bheith cinniúnach i bhforbairt na seirbhíse. Thuig na comhaltaí boird, áfach, an brú atá ar an Státchiste faoi láthair agus bhí an Bord meáite ar thabhairt faoin dúshlán suntasach a leanfadh as an maoiniú laghdaithe le fuinneamh agus le paisean, gan cur isteach ar chaighdeán ná ar raon na seirbhíse don phobal féachana in Éirinn agus ar fud an domhain.
Dá réir sin, ag an gcruinniú míosúil, ghlac an Bord le dréachtbhuiséad nua 2009 a chuir an Príomhfheidhmeannach faoina bhráid ina bhfuil laghduithe 5%-25% déanta ar bhuiséid i réimse leathan de chaiteachas TG4 do 2009 i réimsí ar nós Taisteal agus Cothabháil, Luach Saothair, Táillí agus réimsí eile caiteachais. D'iarr na comhaltaí freisin go ndéanfaí laghdú 10% ar a dtáillí féin agus glacadh leis an moladh d'aonghuth.
"Tá TG4 meáite ar leanacht le scoth-sheirbhís a chur ar fáil," a dúirt an Príomhfheidhmeannach, Pól Ó Gallchóir "agus is mór againn an tuiscint agus an tacaíocht atá léirithe dúinn ag an bhfoireann agus ag ár soláthraithe clár anois agus muid ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán breise a bhaineann le laghdú ar ár maoiniú poiblí do 2009." Gheall sé go bhféachfaí leis an ualach a roinnt go cóir cothrom sna réimsí oibríochta ar fad. "Is seirbhís óg muid a bhfuil a cumas léirithe aici go laethúil le blianta beaga anuas," a dúirt sé. "Tá cruthúnas ar fáil ón 3.5 milliún duine a d'fhéach ar ábhar nua Gaeilge ar TG4 ó thús 2009 agus ón liosta fada duaiseanna agus gradaim atá buaite againn, sa tréimhse sin, go bhfuil éileamh ar ár gcláracha agus meas dá réir."
Breis Eolais:
Pádhraic Ó Ciardha - TG4 - (087) 265 7689