SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


Duaisbhronnadh Chomórtas Scannán na hIdirbhliana 2009

B'é an láithreoir aitheanta teilifíse Dáithí Ó Sé a bhí mar fhear an tí nuair a fógraíodh agus a bronnadh na duaiseanna i gComórtas Scannán TG4 2009 ag ócáid in Institiúid Scannánaíochta na hÉireann i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath inniu.

B'iad seo a leanas na scoileanna agus na scannáin a bhí gearrliostaithe i gComórtas Scannán TG4 2009: Pobalscoil Chaisleán Chnucha, Baile Átha Cliath 15 leis an scannán Teachtaireacht le Fáil, Grianán Mhuire, Áth Luain le Bíonn dhá insint ar Scéal agus Meánscoil Chnoc na Labhrás, Luimneach le Bláth i nGrá. Téamaí atá ábharach do dhéagóirí an lae inniu atá sna scannáin seo. Is iad na daltaí féin a scríobh na scripteanna agus a léirigh, le cabhair ón léiritheoir aitheanta gairmiúil, Cathal Watters.

Eagraítear an comórtas seo gach bliain (bíonn na sonraí iontrála ar fáil ar Shuíomh Idirlín an chainéil www.tg4.ie). Seolann TG4 DVD chuig gach scoil i mí Mheán Fómhair ar a bhfuil rogha duais-scannáin ón gcomórtas sna blianta roimhe seo. Tugtar cuireadh don dhaltaí Idirbhliana imlíne scéil agus script a sheoladh isteach agus roghnaíonn TG4 gearrliosta astu seo. Cuireann TG4 acmhainní agus léiritheoir gairmiúil ar fáil agus léirítear na scéalta atá ar an ngearrliosta. Roghnaítear buaiteoir astu ach craoltar na léiriúcháin ghearrliostaithe ar fad. Téann an scannán buacach - agus na daltaí a bhí ina bhun - chuig Féile Idirnáisiúnta Ciak san Iodáil gach bliain le dul san iomaíocht don Chraobh Domhanda, ócáid a eagraítear i bpáirt le Rannóg Chultúrtha UNESCO. Beidh an fhéile sin ar bun ag deireadh na míosa.

Seo a leanas na duaiseanna a fógraíodh agus a bronnadh inniu:

  • Aisteoir is Fearr: Caitríona Ní Bhriain, Meánscoil Chnoc na Labhrás, Luimneach
  • Script is Fearr: Teachtaireacht le Fáil - Pobalscoil Chaisleán Chnucha
  • Téama is Fearr: Bíonn dhá insint ar Scéal - Grianán Mhuire, Áth Luain
  • Scannán is Fearr: Bláth i nGrá - Meánscoil Chnoc na Labhrás, Luimneach

Craolfar na duaisiarrachtaí ar fad ar TG4 ag 6pm, Dé Sathairn, 23ú Bealtaine.

Deir Comhordaitheoir an Chomórtais, Pádraic Ó Ráighne, TG4, go bhfuil caighdeán na léiriúchán ag dul in airde i gcónaí. "Tá cruthaithe ag an gcomórtas seo go bhfuil scannánóirí óga iontacha i scoileanna na tíre seo agus tugann an comórtas seo an spreagadh dóibh a gcumas a léiriú agus taithí luachmhar a fháil i bhforbairt togra scannáin ón smaoineamh go dtí an scannán críochnaithe, craolta." Mheabhraigh sé freisin a mhinicí is a thug na buaiteoirí Éireannacha roimhe seo duaiseanna agus gradaim Eorpacha abhaile leo ó Fhéile Ciak le blianta beaga anuas.

Breis Eolais:
Pádraic Ó Ráighne - TG4 - (087) 223 8764

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER