Tá an rás aigéin is cáiliúla ar domhan ag teacht go Gaillimh agus beochraolfaidh TG4 an dá rás cuain atá mar chuid de ar an Satharn 30 Bealtaine 11.55am-3pm. Beidh agallaimh, gnémhíreanna agus ceol ar fáil mar chuid de chlúdach an chainéil, a bheidh ar fáil freisin ar fud an domhain ar an Líonchraoladh ar TG4 BEO PLAYER.
Is iad Dáithí Ó Sé and Síle Ní Bhraonáin a bheidh i mbun láithreoireachta ar chlúdach TG4 le tráchtaireacht agus anailís ar na rásanna ó Pháidí Ó Lionáird agus Ruairc Ó Tuairisg.
Seo an chéad uair an rás cáiliúil seo ag teacht go hÉirinn agus beidh na báid i nGaillimh ó 23 Bealtaine go 6 Meitheamh 2009. Tá súil leis na sluaite ann ag féachaint ar na báid, idir mhuintir na hÉireann agus chuairteoirí. Beidh súil ag muintir na tíre seo go n-éireoidh go maith leis an luamh Éireannach-Shíneach Green Dragon, faoina scipéir Ian Walker.
Chuir TG4 clúdach rialta ar fáil ar an rás seo ó thosaigh sé in Alicante na Spáinne beagnach ocht mí ó shin agus craoltar buaicphointí ón rás gach seachtain. 39,000 muirmhíle ar fad atá sa rás. Tá na báid ag trasnú an Atlantaigh faoi láthair ó d'fhág siad Boston ag deireadh na seachtaine seo caite.
Cuirfear tús leis an mbeochraoladh ar TG4 le clúdach ar an taispeántas taibhseach aeir a bheidh á sholáthar ag eitleáin na Red Arrows amach ó Bhóthar na Trá ar uair an mheánlae. Tá cáil dhomhanda ar an mheitheal seo agus ar a gcumas iontach eitleoireachta agus aer-ghleacaíochta.
Rás Aigéan Volvo - Beo ar TG4 - 11.55am, Satharn 23ú Bealtaine
Breis Eolais:
Rónán Ó Coisdealbha, Spórt TG4 - TG4 - (091) 505050 / (087) 247 2841