SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


Craobhchomórtais Pheil Gael na mBan TG4 2009 Seolta

Sheol Cathaoirleach Sunderland AFC, Niall Quinn, Craobh TG4 i bPeil na mBan 2009 i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Bhuaigh neacht Quinn, Aoife O'Dwyer, bonn Uile Éireann Idirmheánach le Tiobraid Árann Meán Fómhair seo caite agus imríonn a iníon faoi aois do Chill Dara. I dteannta Chathaoirleach Sunderland bhí imreoirí ón na 32 contae i láthair chun an Chraobh a sheoladh.

D'fhógair Cumann Pheil Gael na mBan go bhfuil urraí na Craoibhe, TG4, ag síneadh an mhargaidh atá acu leis an gCumann agus déanfaidh sí urraíocht ar Chraobhchomórtais Pheil Gael na mBan go dtí 2012. Seo an naoú bliain ag urraíocht TG4 ar an gCraobh. Craolfar 18 cluiche craoibhe beo ar TG4 i rith an tsamhraidh seo chomh maith le Cluiche Ceannais Mionúr na hÉireann.

Dúirt Pól Ó Gallchóir, Ceannasaí, TG4 go bhfuil ár gcultúr, ár dteanga féin agus ár gcluichí níos tábhachtaí anois ná riamh agus gur seoda saibhre iad inár saol. "Cinntíonn an spórt iontach seo agus an clúdach domhanda teilifíse (ar TG4 agus ar TG4 BEO PLAYER) fosta go nascann na cluichí an pobal le chéile agus bheir sé deis dúinn ár n-oidhreacht a cheiliúradh go cuí," a dúirt sé.

Dúirt Pat Quill, Uachtarán Peil Gael na mBan "Táimid mórtasach ár gcomhpháirtíocht le TG4 a shíneadh ar feadh trí bliana eile. Tá ról ríthábhachtach ag TG4 i gcur chun cinn ár gcluichí agus táimid ag tnúth le bheith ag obair go dlúth leo sna blianta atá amach romhainn. Tá caighdeán peile craoibhe feabhsaithe bliain ar bhliain feadh na dtrí snáithe agus táimid ag tnúth le peil spreagúil le linn mhíonna an tsamhraidh."

I gCraobh Shinsearach TG4 2009 déanfaidh Corcaigh iarracht an cúigiú Craobh as a chéile a bhuachan. D'éirigh le Corcaigh a ngreim ar an tSraith Náisiúnta (Roinn 1) a choimeádi mí na Bealtaine ach chailleadar dhá chluiche le linn na sraithe sin, léas beag dóchais d'fhoirne eile, b'fhéidir.

Dúirt Captaen Chorcaí Mary O'Connor, "Bíonn gach foireann ag iarraidh a bheith i bPáirc an Chrócaigh i mí Mheán Fómhair ach is bóthar fada dian é. Nuair atá an chraobh agat, bíonn gach foireann eile ag iarraidh í a bhaint díot . Tá a fhios againn é sin agus cruthaíonn sé sin brú ann féin. D'fhéadfadh foireann ar bith de na hocht bhfoireann is fearr a chéile a bhualadh ar an lá agus dírímid ar chluiche amháin ag an am."

Tá seans ag iomaitheoirí chluiche ceannais shinsir na bliana anuraidh, Muineachán, an Cluiche Ceannais a bhaint amach i mbliana.

Dúirt captaen Mhuineacháin, Sharon Courtney, "Is féidir le rud ar bith tarlú i bPeil Chraoibhe agus ní féidir breathnú ró-fhada chun cinn. Ní féidir breathnú chomh fada chun cinn le Meán Fómhair nó ní sroichfidh tú go brách é. Díreoimid ar chluiche amháin ag an am agus le cúnamh Dé sroichfimid Páirc an Chrócaigh agus tabharfaimid linn Cupán Bhreandáin Uí Mháirtín."

Rinne Niall Quinn agus Pól Ó Gallchóir an tarraingt do chluichí cáilithe Bhabhta 1 den Chraobh Shinsearach i bPáirc an Chrócaigh. Craolfar na trí chluiche sin beo ar TG4, péire acu sin i ndiaidh a chéile ar an 26 Iúil agus beidh an cluiche cáilithe eile de Bhabhta 2 ar siúl ar an 1 Lúnasa in éineacht le cluiche ceannais Mhionúir na hÉireann. Seo mar a bheidh na cluichí sin ar TG4:

DÉ DOMHNAIGH 26 IÚIL
Cluichí: Craobh TG4 i bPeil Shinsear na mBan - Babhta 1
6:30pm 'Peil na mBan Beo' ar an aer
6:45pm Beo - An Mhí v Ard Mhacha
8:15pm Iarbheo - An Dún v Dún na nGall
Ionad: Páirc Breffni, An Cabhán

DÉ DOMHNAIGH 2 LÚNASA
Cluichí: Craobh TG4 i bPeil Shinsear na mBan, Babhta 1 agus Cluiche Ceannais Mionúir na hÉireann
6:30pm 'Peil na mBan Beo' ar an aer
6:45pm Beo - Tiobraid Árann v Laois, Craobh TG4 i bPeil Shinsear na mBan, Babhta 1
8:15pm Iarbheo - Cluiche Ceannais Mionúir na hÉireann (Foirne le cinntiú / Cluichí Leath-cheannais ar an gCéadaoin 15 Iúil)
Deanfar an tarraingt le haghaidh Babhta 2 ar an gclár beo seo.

Tá an Chraobh Idirmheánach an-oscailte agus tá seans an-láidir go mbeidh an bua ag iomaitheoirí chluiche ceannais na bliana anuraidh, An Clár. Bhuaigh Ros Comáin Roinn 3 den tSraith Náisiúnta le déanaí agus beidh siadsan ag iarraidh an chraobh a thabhairt leo. Beidh Port Láirge ag iarraidh a bheith ag barr a réime arís go tapa.

Sa Chraobh Shóisearach beidh súil ag Cill Mhantáin a bheith ag imirt chomh maith agus a d'imir siad le linn na sraithe agus tá seans an-láidir ag Doire arís an samhradh seo.

Beidh craobhchomórtais Shinsearacha, Idirmheánacha agus Sóisearacha ar siúl i bPáirc an Chrócaigh an 27 Meán Fómhair agus craolfar na trí chluiche beo ar TG4.

Breis Eolais:
Rónán Ó Coisdealbha, Spórt TG4 - TG4 - (091) 505043 / (087) 247 2841

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER