SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM ANAMNOCHT DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


Aifric agus scothchláir eile óige ar fáil ar DVD

Fágann seoladh na míosa seo de leagan DVD den tsraithdhráma déagóirí Aifric, go bhfuil breis is deich gcinn de scothshraitheanna óige agus páistí an chainéil ar fáil sna siopaí le ceannach anois ar DVD.

Is é Aifric an chéad sraithdhráma teilifíse do dhéagóirí a léiríodh riamh in Éirinn in aon teanga agus tugann sé léiriú greannmhar báúil ar shaol an déagóra sa lá atá inniu ann. Tá duaiseanna aitheanta agus gradaim go leor buaite ag an tsraith seo ó leithéidí IFTA agus Féile na Meán Ceiltach.

Ar na sraitheanna eile TG4 do pháistí atá ar fáil ar DVD tá:

Dora
Eachtraí spraoíúla le Dora, Bróigín, Mála agus le cabhair uaitse!
(Tig leat roghnú as 7 DVD atá ar fáil).

Doodlebops
Clár ceolmhar le Deedee, Rooney and Moe Doodle,.....beidh tú ag ceol!
(Tá dhá DVD ar fáil)

Spongebob
Gáire agus Greann le Spongebob Squarepants agus a chairde a chónaíonn in Anann ag bun an aigéin.
(Tig leat roghnú as 4 DVD atá ar fáil).

The Wonderpets
Bí le Linny, Tuck and Ming Ming agus iad ag taisteal na cruinne ag cuidiú le ainmhithe atá i dTrioblóid;
(DVD amháin ar fáil)

Skunk Fu!
Skunk atá ag foghlaim Kung Fu! Léirithe in Éirinn ag Cartoon Saloon
(DVD amháin ar fáil)

Tec an Tarracóir
Tec, an Tarracóir beag Dearg agus a cháirde thíos ar an bhfeirm.
(DVD amháin ar fáil)

Clifford
An Madra Mór Dearg! (DVD amháin ar fáil)

Tá na DVDs ar fáil le ceannach sna siopaí físeáin agus ollmhargaí agus ar Siopa Ar Líne TG4

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER