SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


CÚLA4 i zón na bpáistí ar Chorus ntl Digiteach

CÚLA4 ar chainéal 602 freisin feasta

Dheimhnigh Chorus ntl inniu, (25/8/09) go mbeidh CÚLA4, bloc laethúil clár óige TG4 ar fáil mar chainéal ar leith i zón na ndaoine óga ar Chorus ntl ón Mháirt seo chugainn, 1 Meán Fómhair.

Tá an socrú nua seo á chur i bhfeidhm ag tús séasúir nua CÚLA4 ina bhfuil sceideal nua clár agus forbairtí go leor eile á ndéanamh sa réimse seo. Beidh an soláthar a dhéanann CÚLA4 roinnte ina thrí bhloc sainiúil clár gach lá chun freastal níos fearr ar an trí aicme fhéachana - réamhscoil, páistí agus déagóirí. (féach thíos)

Deir Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Aschuir TG4:
"Tá áthas an domhain orainn faoin bhforbairt seo. Anois agus muid ar fáil ar chábla ar chainéal 602 - le hais na seirbhísí aitheanta eile do dhaoine óga - beidh stádas agus seasamh níos fearr ag CÚLA4 agus é níos lárnaí sa rogha féachana atá ar fáil ar chábla. Tá gach dóchas againn as an rogha ábhair a chuirimid ar fáil agus is mór againn an t-aitheantas seo a chuirfidh ar chomh-chéim muid leis na cainéil sin a bhfuil cáil dhomhanda orthu sa margadh teilifíse do pháistí. Is céim tábhachtach don Ghaeilge é freisin go mbeadh CÚLA4 suite mar a bheith feasta ar an gcóras cábla agus an teanga ar chomh-tharrac leis an mBéarla i súile an aos óg."

Deir Simon Kelehan, Ceannasaí Teilifíse le Chorus:
"Táimid thar a bheith sásta leis bhforbairt seo agus muid ag suíomh CÚLA4 i zón na bpáistí, a chur i lár na hiomaíochta, le hais na gcainéal eile. Tacaímid le cainéil dhúchasacha agus is mór againn an comhoibriú is deireanaí seo le TG4."

Sceideal CÚLA4
CÚLA4 na n-ÓG: 7am - 10am do pháistí réamhscoile ELMO, TAR ag SPRAOI SESAME; DORA the EXPLORER; NI HAO KAI LAN; FRANNY's FEET; DIVE OLLIE DIVE agus MR MEN.

CÚLA4: 2:30 - 4.50pm don aoisghrúpa 6 - 10 bliana BEN 10; SPONGEBOB SQUAREPANTS; BACK AT THE BARNYARD; ELIOT KID; MIGHTY BEE agus SKUNK FU.

PONC: 4:50 - 7:00pm Máire Treasa Ní Dhubhghaill and Colmán Mac Séalaigh le soláthar iontach clár do dhéagóirí, le drámaíocht AIFRIC, H2O; LIFE with DEREK, 8 SIMPLE RULES), réilifís PIMP MY RIDE; THE HILLS, MY SUPER SWEET SIXTEEN agus guais-spórt PLANET X, GROMS TOUR.

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505050

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER