SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE ÚDAR
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


SCÉIMÉIREACHT, SEANCHAS AGUS SIAMSAÍOCHT SA SCEIDEAL NUA FÓMHAIR
  • Rásaí na Gaillimhe - Mórshraith nua drámaíochta Gaeilge, seacht gclár, ina bhfuil an paisean agus an greann (agus beagán den ghruaim freisin) ag féile mhór rásaíochta an tSamhraidh mar chúlra le snáthanna éagsúla an scéil. Cuirtear an dráma i láthair thar sheachtain iomlán na féile agus ceann de na seacht bpeacaí marfacha mar théama breise le gach eagrán. Tá cliar iontach aisteoirí tugtha le chéile ann, ina measc Don Wycherley, Tom Ó Súilleabháin, Ruth Bradley, Frankie Mc Cafferty, Dairíne Ní Dhonnchú, Seán T. Ó Meallaigh, Eoin Mac Diarmada, Owen Roe, Charlotte Bradley, Donncha Crowley, Áine Ní Dhroighneáin agus Eoghan Ó Riada.
  • Bóthar go dtí an White House - Sraith ina rianaítear stair eachtrúil agus ról lárnach na nÉireannach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe le céad go leith bliain anuas. Cuirfidh an tsraith seo síos ar chuid de na carachtair ba cháiliúla agus ba chonspóidí sa bpolaitíocht Ghael-Mheiriceánach.
  • Ros na Rún - Sraith úrnua den sraithdhráma is dúchasaí agus is tíriúla ar fad, atá ina cheathrú shéasúr déag anois. Níl aon mhaolú ar an ngreann, ar na haighnis agus ar na heachtraí mioscaise agus míthuisceana sa mbaile beag seo cois cuain i mbliana agus Tadhg ag dul i ngleic leis an saol nua-phósta agus le tuismitheoireacht.
  • Cérbh É? - Sraith ina dtugann ceoltóir aitheanta ónár linn féin ómós do laoch a chuaigh roimhe a d'fhág rian go láidir ar oidhreacht cheoil na hÉireann.
  • Teorainn - Sraith thráthúil faoi bhunú na teorann, beagnach nócha bliain ó shin agus faoi mheon na gCoimisinéirí Teorann a tharraing an líne ar an léarscáil.
  • Stíl na Réalt - comórtas siamsúil ina dtugann dhá fhoireann faoi dhúshlán suimiúil - dhá feisteas éadaigh atá cosúil le stíl réalta aitheanta (Kate Moss, SJP, Audrey Hepburn &rl) a aimsiú agus a cheannach ar bhuiséad bídeach.
  • Cogar - cláracha aonaracha, leathuair an chloig ar fhad a eachtraíonn scéal pearsanta nó pobail a bhí ceilte nó dearmadta - tubaiste eitleáin KLM i 1958, fear an chomhartha John 3:7 ag cluichí peile agus iomána, ról an tsiopa faoin tuath agus saol na ndaltaí i Scoil Lughaidh i Muineacháin seasca bliain ó shin.
  • An Jig Gig - sraith nua comórtas ina bhféachfaimid le teacht ar an damhsóir aonair nó an troupe damhsóirí traidisiúnta is fearr sa tír.
  • Cowboys - Sraith nua faisnéise a rianaíonn an oidhreacht láidir Éireannach atá ar fáil i stair na mbuachaillí bó i Meiriceá agus a fhéachann le teacht ar an bhfírinne faoi chuid de na finscéalta atá cruthaithe faoi mhórcharachtair na linne sin.
  • Daniel O'Donnell - amhránaí Cheann Casla i mbun ceolchoirme agus ag comhrá faoina shaol éachtach ceoil.
  • Cúla4 - Seirbhís shainiúil laethúil na bpáistí bunscoile le sraitheanna nua Ben 10, Spongebob Squarepants, Skunk Fu agus Eliot Kid.
  • Cúla4 na nÓg - an zón laethúil do pháistí réamhscoile ag am bricfeasta, seacht lá na seachtaine le Sesame Street as Gaeilge, Dora the Explorer, Dive Ollie Dive agus Mr. Men.
  • Ponc - Teideal agus láithreoirí nua (Máire Treasa agus Colmán) don zón laethúil do dhéagóirí ina bhfuil sraitheanna cáiliúla drámaíochta, réilifís go leor, guais-spórt, léirmheasanna agus comórtais.
  • GAA Beo - Clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha gach deireadh seachtaine, cluichí faoi 21, Craobh TG4 i bPeil na mBan, Craobhacha Contae agus cluichí móra i gCraobh Club AIB.
  • GAA@125 - Togra ceannródúil eile ag TG4 le sceideal iomlán lae á thiomnú do chomóradh 125 bliain CLG ar 1 Samhain - cláracha spóirt, faisnéise, ceoil agus cuimhneachán ó mhoch maidine go deireadh oíche.
  • Nuacht TG4 - Seirbhís laethúil a thugann malairt clúdaigh ar mhór-imeachtaí na réigiún, na tíre agus an domhain. 7 Lá, clár a thugann anailís ar imeachtaí móra sa mbaile agus i gcéin.
  • Comhrá - Daoine aitheanta agus neamhaitheanta ag nochtadh a gcroí agus scéal a mbeatha do Mháirtín Tom Sheáinín.
  • Mí na Meala - ina bhfilleann lánúin ar ionad a gcéad saoire nuaphósta le dul siar ar bhóithrín na smaointe. Chuaigh cuid acu go hAlbain agus cuid eile go Lourdes.
  • Rapairí - Stair, amhráin agus an béaloideas na bpearsan seo, Éamonn an Chnoic ina measc , a bhí ina laochra ag an gcosmhuintir ach ina sceimhlitheoirí dar leis na húdaráis.
  • Amhráin is Ansa Liom - Roghnaíonn scoth na bhfonnadóirí sean-nóis na hamhráin is fearr leo.
  • Fíorscéal - an sraith fhaisnéise a thugann malairt insinte ar scéalta móra idirnáisiúnta.

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505050

Tá cóip den leagan fada d'eolas faoin sceideal Fómhair ar fáil ANSEO (i nGaeilge agus i mBéarla) mar aon le sonraí teagmhála na gcomhlachtaí léiriúcháin do gach clár.

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER