SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


BÓTHAR go dtí AN WHITE HOUSE SEOLTA AG AMBASADÓIR SAM

B'é a Oirearcas, Dónal Ó Ruanaidh, (Daniel M Rooney) Ambasadóir nua na Stát Aontaithe in Éirinn a sheol an tsraith teilifíse seo le TG4 ag ócáid ina Áras cónaithe i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath inniu.

Sraith thábhachtach í seo ina rianaítear ról lárnach na nÉireannach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe le céad go leith bliain anuas. Le cabhair anailíse ó shaineolaithe staire agus ó thráchtairí polaitiúla agus ábhar go leor ón gcartlann físe, cuireann an tsraith seo, 6 chlár ar fad, síos ar chuid de na carachtair ba cháiliúla agus ba chonspóidí sa bpolaitíocht Ghael-Mheiriceánach.

Agus é ag seoladh na sraithe, dúirt an tAmbasadóir Ó Ruanaidh: "Mar ionadaí an Uachtaráin Obama agus phobal na Stát Aontaithe - agus mar dhuine de shliocht Éireannach mé féin, is ábhar bróid dúinn ar fad a bhfuil déanta ag Éireannaigh sa saol poiblí sa tír s'againn."

Thug Bríd Seoighe, an léiritheoir sraithe le Abú Media, an comhlacht neamhspleách as Gaeltacht na Gaillimhe a sholáthar an clár do TG4: "Léirigh an taighde a rinne muid go bhfuil scéal mór iontach againn anseo, ina bhfuil na mílte scéal eile fite, a thugann léargas dúinn ar an mianach a bhí sna Gaeil agus an tuiscint a bhí acu ar thábhacht na polaitíochta chun cás an Éireannaigh agus a stádas a chur chun cinn sa Domhan Nua."

Ghabh Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4 buíochas leis an Ambasadóir as a thacaíocht don tsraith seo agus dúirt: "Tá léargas tráthúil ar fáil sa tsraith seo ar chumas an Éireannaigh é féin a chur chun cinn, ainneoin constaicí agus bacainní uaireanta ceacht ón stair nach miste a mheabhrú sa la atá inniu ann freisin."

Craolfar an tsraith ar TG4 gach Déardaoin ó 24 Meán Fómhair.

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505050

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER