SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


6 DHUAIS SHARK 2009 BUAITE AG TOGRAÍ BOLSCAIREACHTA

Daingníodh an cháil atá ar shaothar cruthaithe TG4 i réimse na fógraíochta agus na bolscaireachta nuair a thug saothair bhrandála agus mhargaíochta an chainéil carn eile duaiseanna leo ag duaisbhronnadh Shark 2009 ag deireadh na seachtaine.

Bronnadh chúig cinn de na gradaim ar shaothair a bhí cruthaithe do TG4 ag a pháirtí cruthaitheach, an áisíneacht QMP: Gradam Óir don scriptscríbhneoireacht ar an bhfógra Seisiún, ceann Airgid don fhógra Iallacha Bróg agus gradam Cré-Umha do bhlaisín eile a cruthaíodh do TG4. Sa duaisaicme d'fhógraíocht faoin aer, thug an saothar Uaigh Stroighin gradam Cré Umha leis, faoi mar a thug an leagan sin den fhógra Seisiún.

Thug blaisín a chruthaigh agus a léirigh TG4 féin dá shéasúr scannán buachaillí bó duais eile leo ag na Sharks. Kevin Ó Flatharta ó fhoireann TG4 sa gceannáras i mBaile na hAbhann a chuir an saothar áirithe seo le chéile.

Eagraítear duais-scéim Sharks gach bliain agus is i gCeann tSáile a bhí an bronnadh ar bun i mbliana. Bunaíodh an scéim i 1962 ag tús ré na teilifíse in Éirinn agus áirítear anois í ar cheann de na duais-scéimeanna fógraíochta is aitheanta san Eoraip.

Deir Feidhmeannach Margaíochta TG4, Pádraic Ó Ráighne go dtreisíonn na duaiseanna is deireanaí seo an cháil atá ar TG4 mar cheannródaí nuálaíoch sa réimse seo: "Sanntaíonn gach fógróir duais Shark," a dúirt sé " agus is gnách anois go dtugann saothar TG4 ar a laghad cúpla duais leis gach bliain, slat tomhais ar fhiúntas agus ar ardchaighdeán leanúnach ár n-aschuir sa réimse seo."

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505050

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER