Thuill beochraoladh TG4 ar Chluichí Ceannais na hÉireann i gCraobh TG4 i bPeil 2009 inné ardfhigiúirí féachana don chainéal agus é go maith chun cinn ar a chuid iomaitheoirí le linn na gcluichí ceannais.
D'fhéach 169,000 duine ar an gcluiche sinsear idir Corcaigh agus Áth Cliath ó thús go deireadh agus bhí buaic 230,000 duine ag féachaint ar an gcluiche sin ag tráth amháin, an ceathrú cuid d'fhéachaint teilifíse na tíre ag an am. Fágann na figiúirí sin gurbh é seo an tríú clár is airde féachana ar an gcainéal ó thús na bliana, beagán chun deireadh ar bheochlúdach TG4 ar na Cluichí Ceannais Sraithe Allianz agus ar chomhchéim le Craobh Club AIB peile agus iomána Lá 'le Pádraig. D'fhéach 466,000 ar fad ar chuid éigin de bheochlúdach Pheil na mBan an lae inné ar TG4 (Foinse: AGB Nielsen Media Research, an miosúr oifigiúil féachana teilifíse in Éirinn).
Chomh maith leis an lucht féachana teilifíse in Éirinn, bhí na mílte ag féachaint ar bheochlúdach TG4 ar an gCraoladh Gréasáin Leathanbhanda ar fud an domhain ar TG4 BEO PLAYER
D'fháiltigh Ceannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir, roimh an dearbhú is deireanaí seo go bhfuil éileamh ar leith ag lucht féachana TG4 ar an gclúdach spóirt, go háirithe ar mhór-imeachtaí na gcluichí Gaelacha. "Is ábhar bróid ar leith dúinn go bhfuil an fás is deireanaí seo bainte amach againn sa gcéad tseachtain den Chlársceideal nua Fómhair", a dúirt sé.
Breis Eolais:
Rónán Ó Coisdealbha - TG4 - (091) 505050