D'fhógair TG4 go bhfuil conradh díolacháin an chainéil bronnta an athuair ar an gcomhlacht Post TV do thréimhse trí bliana dar tús 1 Eanáir 2010. Bronnadh an conradh seo ar an gcomhlacht de thoradh próiseas tairisceana poiblí a fógraíodh ar fud an Aontais Eorpaigh. Is ag Post TV atá an conradh do dhíolachán fógraí ar TG4 ó tháinig an cainéal ar an aer i 1996.
Is fochomhlacht de chuid an Sunday Business Post é Post TV, cuid de ghrúpa Thomas Crosbie Holdings. Tá a chumas mar áis díolacháin cruthaithe go maith aige ó thosaigh sé le TG4 agus méadú leanúnach ar ioncam tráchtála an chainéil ó dhíol fógraíochta bainte amach aige.
Dúirt Stiúrthóir Airgeadais TG4, Mary Uí Chadhain gur éirigh le Post TV i bpróiseas an iomaíoch tairisceana agus go raibh an cainéal ag súil go mór le leanúint leis an gcomhpháirtíocht. "Tá an cúlú eacnamaíochta domhanda agus náisiúnta ag cur isteach go mór ar an margadh fógraíochta teilifíse," a dúirt sí "agus is mór an buntáiste do TG4 go bhfuil foireann dhíolacháin le taithí agus le tuiscint ar fáil againn chun an t-ioncam tráchtála is airde is féidir a thuilleadh."
Deir ceannaire Post TV, Anna de Barra go bhfuil an comhlacht thar a bheith sásta go bhfuil an conradh seo athnuaite. "Tá foireann oilte dhúthrachtach curtha le chéile againn le 13 bliain, " a dúirt sí "arb é ioncam tráchtála TG4 an t-aon sprioc atá roimpi agus táimid ag súil go mór leis an obair chrua atá amach romhainn ag díol thar ceann TG4."
Breis Eolais:
Pádhraic Ó Ciardha - TG4 - (01) 4763030