SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


SÚIL EILE AG AN LUCHT FÉACHANA
GAA@125 AGUS OIREACHTAS NA GAEILGE 2009

D'éirigh go maith le clúdach speisialta TG4 ar dhá mhór imeacht na nGael ag an deireadh seachtaine, an comóradh ar Bhreithlá 125 Chumann Lúthchleas Gael agus Oireachtas na Gaeilge 2009 i Leitir Ceanainn.

De réir na bhfigiúirí féachana ó AGB Nielsen Media Research, an miosúr oifigiúil teilifíse in Éirinn, bhí aimsiú 700,000 duine ag an sceideal speisialta clár ar théama CLG a chraol TG4 idir meánlae agus meánoíche inné (Lá Samhna 2009, cothrom an lae 125 bliain tar éis bhunú CLG in Óstán Hayes i nDurlas). Mar aitheantas don ócáid agus don pháirtíocht speisialta idir TG4 agus CLG, rinne an cainéal teilifíse Gaeilge rud nach ndearna aon chraoltóir teilifíse riamh roimhe - thiomnaigh sé a chlársceideal iomlán lae d'ábhar faoin gCumann, ó mheánlae go meánoíche, rogha fairsing den sean agus den nua, idir bheochraoladh ar chluiche, fhaisnéis, ghnéchláracha agus cheol.

Ba dheas mar a chuir an craoladh lae sin deireadh le deireadh seachtaine suntasach de chlúdach ar mhórimeacht eile sa bhféilire cultúrtha - Oireachtas na Gaeilge 2009 i Leitir Ceanainn. Thuill clúdach TG4 ón Oireachtas, idir Nuacht TG4, Steip agus Corn Uí Riada Beo aimsiú féachana 400,000 ar an gcainéal le linn na féile.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, go bhfuil sé thar a bheith sásta leis an gclúdach cuimsitheach cultúrtha seo. "Tá mar aidhm againn mórimeachtaí na nGael a chlúdach go bródúil cuimsitheach gairmiúil," a dúirt sé "agus deimhníonn na figiúirí féachana seo dúinn go bhfuil muid ag freastal ar an phobal leis an gclúdach sin."

Breis Eolais:
Pádhraic Ó Ciardha - TG4 - (01) 4763030

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER