Leaganacha nua ó amhránaithe aitheanta agus cóiriú anamúlachta
Tá Iarla Ó Lionáird ag cur chun bóthair ar thuras ceoil agus samhlaíochta sa tsraith nua seo do TG4. Ar a aistear, beidh sé ag bualadh le cuid de na hamhránaithe Gaeilge is aitheanta sa tír agus ag iarraidh orthu leaganacha nua d'amhráin cháiliúla na teanga a thaifeadadh chun iad a nascadh le cóiriú nuálaíoch anamúlachta de scéal an amhráin.
An comhlacht léiriúcháin Gaeltachta, Sónta Teo agus an comhlacht anamúlachta Cartoon Saloon a chomhléirigh an tsraith do TG4. Thug Cúilín Dualach, comhléiriú eile eatarthu roinnt blianta ó shin duaiseanna go leor leis.
Dúshlán spreagúil cruthaitheach atá ag Iarla do na hamhránaithe sa tsraith seo - teacht ar anam amhráin atá bunaithe in aigne an phobail féachaint le beocht agus fuinneamh nua a chur ann. Is le fonn a thugann na réaltaí faoin dúshlán. Is maisiú iontach é go bhfuil foireann chruthaitheach Cartoon Saloon ag cur a leagan físiúil féin de scéal gach amhráin ar fáil, rud a fhágann go mbeidh cuma nua ar fad ar na hamhráin sa tsraith.
Sa chéad chlár, beidh Iarla i gCúige Mumhan ar dtús agus é i gcuideachta seanchairde. Tabharfaidh Seán Ó Liatháin Mhúscraí agus Séamus Ó Beaglaoich Chorca Dhuibhne faoin amhrán spleodrach An Poc ar Buile. Ina dhiaidh sin buailfidh sé le laoch Chonamara, John Beag Ó Flatharta, a thabharfaidh a leagan féin den amhrán aitheanta Bean Pháidín dó. (20 Nollaig 10pm)
Ar Lá Nollag is le fonnadóirí Chorca Dhuibhne a bheith Iarla i bpáirt. Beidh Muireann Nic Amhlaoibh, bean Dhún Chaoin (agus an ghrúpa Danú) ag tabhairt faoi leagan nua den amhrán Gréasaí Bróg agus beidh fear Bhaile na bPoc, Séamus Ó Beaglaoich ag cur a chruth féin ar An Seanduine (Lá Nollag 6.50pm)
Ultaigh eile bheidh sa ceathrú clár mar go mbeidh Iarla ag bualadh le Paul Brady a sheinnfidh Óró sé do bheatha abhaile, amhrán a d'fhoghlaim muid ar fad ar scoil.
Casfaidh sé freisin le Mairéad Ní Mhaonaigh, amhránaí agus ceoltóir le Altan, a thabharfaidh leagan den amhrán Dún do Shúil dó. Beidh leagan anamúlachta d'amhrán cáiliúil Thomáis Mhic Eoin Bleán na Bó - scéal iontach na bó nach dtálfadh bainne ach amháin nuair bhíodh rac-cheol le cloisteáil aici. (30 Nollaig, i dtráth an mheánoíche)
Is iad Damien Dempsey agus Róisín Elsafty a sheinnfidh le chéile i gclár 5 agus iad ag tabhairt faoin amhrán spleodrach Cailleach an Airgid agus beidh Iarla ag cur clabhsúir ar an tsraith ar ais ina cheantar dúchais i nGaeltacht Mhúscraí nuair a thabharfaidh Nell Ní Cróinin leagan álainn nua dó den amhrán Tá Dhá Ghabhairín Bhuí Agam (02 Eanáir 11.35am).
Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505050
Seán Ó Cualáin - Sonta Teo. - (087) 948 0684