Ath-insint atá sa chlár faisnéise teilifíse seo ar eachtra a bhain stangadh as pobal an iarthair nuair a facthas an Diabhal ag an damhsa i Halla an Tuairín in oirthear Mhaigh Eo ar an 6 Meitheamh 1958.
Le cabhair ath-insint drámatúil ar an eachtra agus le fianaise ó dhaoine a bhí i láthair, fiosraíonn an clár seo sonraí an scéil, féachaint an raibh an tréimhse sin chomh soineanta agus a cheaptar.
Bhí Halla an Tuairín ar cheann de na scórtha hallaí a bhí tógtha ag an Eaglais chun ionad siamsaíochta a sholáthar don aos óg, súil ghéar a choinneáil ar "mhoráltacht" agus airgead a thuilleadh freisin.
An oíche úd, baineadh siar as an slua nuair a facthas strainséir ard dorcha ag siúl isteach sa halla agus boladh ait uaidh freisin. Agus na buachaillí cruinnithe ar thaobh amháin den halla agus na cailíní ar an taobh eile, ní fada gur leag an strainséir súil ar an gcailín áitiúil Bridget O'Flynn. Bhí soineantacht inti ach bhí sí fiosrach freisin. Nuair a chuaigh sí amach ag damhsa leis an bhfear dorcha, tharraing sin aird an tslua. Níor facthas a leithéid de dhamhsa drúisiúil náireach i dTuairín riamh cheana, dúradh.
Fad is a ba leor leis na damhsóirí eile síob a fháil abhaile ar chrosbharra rothair, bhí carr agus tiománaí taobh amuigh den halla ag an strainséir ard dorcha seo. Agus í ar tí suí isteach i gcúl an charr, thuirling taom tuisceana ar an gcailín agus ní dheachaigh sé leis agus thug sin slán ón gcontúirt í. Theith an strainséir faoi dheifir agus níor fágadh ina dhiaidh ach cailín óg trína chéile, scata finnéithe agus halla damhsa a raibh droch cháil air go deo ina dhiaidh sin.
Tharraing an eachtra ós-nádúrtha seo cáil náisiúnta ar Halla na Tuairín, ach níor laghdaigh sé na sluaite a bhíodh ag tarraingt ar an áit. Bhí tóir níos mó ar an halla i ndiaidh na heachtra úd agus daoine ag iarraidh súil a leagan ar an diabhal agus a chuid steipeanna drúisiúla.
Ceistíonn an clár an ról a bhí ag an eaglais Chaitliceach i gcur chun cinn na Hallaí Damhsa ag an am. Ní miste a mheabhrú gurbh shagart óg, an tAthair James Horan (fear a bhain clú amach agus a léirigh a chumas poiblíochta níos deireanaí ina shaol agus é i mbun tógáil aerfoirt) a bhí i mbun an halla ag an am.
An comhlacht neamhspleách léiriúcháin, Magamedia a léirigh do TG4 agus orthu sin atá páirteach sa gclár seo, tá Pádraig O Murchú, Paddy Mac Giolla Phádraig, An tOllamh Dáithí Ó hÓgáin, Maitias Ó Gormaile, An tOllamh Nollaig Ó Muraíle, Michael Henry, Úna Ní Ghabhláin agus Séamus Ó Dufaigh.
Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505050
Paddy Hayes - Magamedia - (087) 289 6718