SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


RÉALTA, SCÉALTA, SPÓRT AGUS SPRAOI DON NOLLAIG AR TG4

Cuirfidh clársceideal TG4 ar do chompord tú an Nollaig seo mar go bhfuil neart siamsaíochta, seanchas den scoth agus ceol binn agus spórt ó chian is ó chóngar ann a shásóidh an uile mhian.

Beidh féasta ceoil ar an gcainéal beagnach gach lá le linn na Féile, ó Dhonal Lunny, Geantrai speisialta ó thábhairne Mhatt Molloy, John Beag Ó Flatharta agus na hAncairí, Christy Moore, Daniel O'Donnell, Mike Denver, Willie Nelson, Johnny Cash, The Sawdoctors agus Sharon Shannon.

Cloisfear leaganacha nua d'amhráin aitheanta Ghaeilge freisin sa tsraith nua Anam an Amhráin, ina bhfuil Iarla Ó Lionáird ag taisteal na tíre, ag bailiú leaganacha nua ó fhonnadóirí aitheanta mar Muireann Nic Amhlaoibh Seamus Ó Beaglaoich, Seán Ó Liatháin, Damien Dempsey, Paul Brady, Declan O'Rourke and Maighread & Tríona Ní Dhomhnaill mar aon le cóiriú nua anamúlachta de na hamhráin ón Cartoon Saloon freisin.

Sroichfidh an choimhlint a buaic ag Glór Tíre freisin mar gur ar eagrán 23 Nollaig a fhógróidh Dáithí Ó Sé buaiteoir an chomórtais. Cúpla lá roimhe sin beidh Róisín Ni Thomáin tar éis buaiteoir An Jig Gig a fhógairt ar chlár clabhsúir na sraithe sin.

Bíonn tóir ar leith ar chláracha úra faisnéise an chainéil an tráth seo bliana agus níl aon ghanntanas ann - scéalta a ardóidh do chroí ar nós stair an nuachtáin The Connacht Tribune le 100 bliain anuas (27 Nollaig), tubaiste farraige i gCorca Dhuibhne Caillte i nGarraí an Iascaire (20 Nollaig), cuairteoir cáiliúil chuig halla rince i Maigh Eo i 1958 á thabhairt chun cuimhne le Diabhal ag an Damhsa, clár nua tráthaúil ar dhuine de mhór eaglaiseoirí na tíre sa chéad seo caite Tomás Ó Fiaich ar Lá 'le Stiofáin agus scannán nua faoin údar Patrick Magill Tachrán gan Todhchai, cur síos ar phobal gan tacaíocht de shliocht Éireannach i Barbados i Sclábhaithe an tSiúcra agus cuntas ar dhornálaí cáiliúil as Baile Átha Cliath a bhfuil cáil dhomhanda air cé nár throid sé ach tri huaire, Lámh Fada Dan Donnelly.

Ní bheidh aon easpa spleodair Nollag ar Ros na Rún ach oiread, go háirithe agus an bithiúnach marfach O'Dowd ar ais. Cuirfidh an t-athchraoladh ar an tsraith ghrinn Rásaí na Gaillimhe fonn gáire ort freisin.

Bíonn tóir ar scannáin Éireannacha ar an teilifís faoi Nollaig agus tá an rogha is fearr ar fad ar TG4 i mbliana, ina measc Intermission, Into the West, Kings, Michael Collins, Patrick Magill, The Most Fertile Man in Ireland, The Lilac Bus agus The Butcher Boy.

Ba liosta le lua an rogha iontach spóirt a bheidh ar fáil ach beidh Cluichí Ceannais na hÉireann 2009 ann mar aon le cláracha eile ag ceiliúradh Breithlá 125 CLG.

Tá clársceideal speisialta don óige ullmhaithe ag Cúla4 agus Cúla4 na nÓg agus ag Máire Treasa & Colmán ar Ponc.

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505050

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER