SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM ANAMNOCHT DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


LIOSTA GHRADAM CEOIL TG4 2010 FOILSITHE

Is ar an bpíobaire cumasach as Carna i nGaeltacht na Gaillimhe, Seán McKiernan, a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2010. Fógrófar an liosta buaiteoirí do na Gradaim éagsúla ag nuacht ócáid i gceannáras Na bPíobairí Uilleann i mBaile Átha Cliath tráthnóna.
Bronnfar Gradaim sna rannóga eile ar cheoltóir óg as Co Dhún na nGall, ar amhránaí ildánach as Fear Manach, ar bheirt dearthár as iarthar Chorcaí as a gcumas cumadóireachta, ar fhear den shloinne atá luaite le ceol sa bpríomhchathair le céad bliain agus ar mhúinteoir as Corca Dhuibhne ó dhúchas a bhunaigh agus a d'fhorbair ceann de na hinstitiúidí ceoil traidisiúnta is cáiliúla ar domhan. Seo liosta na nGradam do 2010:

  • Gradam Ceoil TG4 - Seán Mc Kiernan
  • Ceoltóir Óg na bliana - Aidan O'Donnell
  • Gradam Saoil - Seán Potts
  • Cumadóirí na Bliana - John agus Finbarr Dwyer
  • Amhránaí na Bliana - Cathal McConnell
  • Gradam na gCeoltóirí - Muiris Ó Rócháin

Bronnfar seic €5,000 agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll ar bhuaiteoir Ghradaim Ceoil TG4 2010, ar Sheán McKiernan. Gheobhaidh Aidan O'Donnell, Ceoltóir Óg na Bliana, seic €2,000 agus píosa speisialta dealbhóireachta le John Coll. Gheobhaidh na buaiteoirí eile €1,000 an duine agus píosa speisialta dealbhóireachta le John Coll. Coiste neamhspleách moltóirí a roghnaíonn na buaiteoirí. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh in Áras Ceoldráma Loch Garman ar an Satharn 27 Márta seo chugainn, á chur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus craolfar na himeachtaí ar chlár speisialta ar TG4 Domhnach Cásca, 4 Aibreán.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go bhfuil Gradaim TG4 áirithe mar scéim aitheantais a léiríonn an meas forleathan atá ar scoth na gceoltóirí. "Tugann na Gradaim seo deis dúinn a chur in iúl do na laochra seo go dtuigimid an saothar iontach agus an ealaíon luachmhar atá á cruthú agus á seachadadh acu," a dúirt sé.

Is féidir ticéid don choirm a chur in áirithe ar an teileafón ó 053 9122144 nó ó www.wexfordoperahouse.com

Breis Eolais:
Mary Ellen Ní Chualáin - TG4 - (091) 505050
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (087) 917 2864

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER