HOME » Programmes » NUACHT TG4 » DAILY NEWS

Mistakes and shortcomings were apparent in child protection and safeguarding in the Diocese of Raphoe in years gone by, according to an audit into the diocese today.
Mistakes and shortcomings were apparent in child protection and safeguarding in the Diocese of Raphoe in years gone by, according to an audit into the diocese today.
The report states that 52 complaints or allegations were made to the Gardaí about 14 priests in the Raphoe Diocese between 1975 and 2010
Bhí go leor i láthair i Leitir Ceanainn le eolas a fháil uaidh an easpag Pilib Ó Buaidhe fá iniúchadh Rath Bhótha inniu.
Clúdaítear an tréimhse ón 1 lá d'Eanáir 1975 go dtí an chéad lá de Lúnasa 2010 sa tuarascáil. Baineann an mhór chuid de le struchtúir a bhí curtha i bhfeidhm do chosaint pháistí i Rath Bhótha agus ar bhealaigh nar cloíodh le caighdeáin.
Rinneadh scrudú ar chaipéisí na deoise a bhain le gearáin a rinneadh in éadán an chléir.
Dúirt an tEaspag Ó Buaidhe go raibh sé féin ann is cinnte nár scriosadh aon cheann de na taifid seo thar na mblianta.
Cuireadh líomhaintí in éadán 14 sagart i nDeoise Rath Bhótha le linn an ama . Fuair na Gardaí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na Boird Sláinte, 52 líomhain go ndearna sagairt ionsaithe gnéis ar pháistí sna blianta a scrúdaíodh .
Tá na sagairt uilig ar cuireadh gearáin ina néadan beo go fóill, tá ochtar acu éiríthe as an tsagartóireacht
Ceathrar sagart a cionntaíodh sna cúirteanna as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar pháistí .
Sé an t-Ath Eugene Greene as Loch an Iúir an taon duine atá ainmnithe sa tuairisc - cuireadh 'na phríosúin é sa bhlian 2000 as 26 gasúr a ionsaí.
Bhí fearg ar John O' Donnell ar dearnadh míusáid air féin i dtús na 70í nach raibh aon ionchur ag íobairtí sa tuarascáil seo .Duirt sé gur íobartach é féin.
Ghabh an tEaspag leithscéal ag rá go raibh smál ar an eaglais Dúirt sé go raibh se ag iarraidh leithscéal a ghabháil arís agus a chomhbhrón a chur in iúl leo siúd a gortaíodh.
Dúirt an tEaspag gur cosaint pháistí an rud is tábhachtaí sa deoise anois agus go bhfuilthear ag cloí go daingean le caighdeáin níos láidre.
I ráiteas tráthnóna fosta dúirt iar easpag Dhoire agus Rath Bhótha Séamus Hegarty go raibh droch chleachtais i bhfeidhm aige féin ag pointí áirithe agus é ina easpag agus ghabh sé leithscéal ma gortaíodh aon duine dá bharr.
Áine Ní Bhreisleáin, Nuacht TG4