HOME » Corporate » TENDERS

Seirbhísí Fotheideal TG4

Fáilteoidh TG4 roimh thairiscintí ó chomhlachtaí cáilithe do sholáthar na seirbhísí seo do thréimhse trí bliana ó Aibreán 2012.

Is mian linn cur le líon agus le éagsúlacht fotheideal sa tairiscint seo, le deimhniú go bhfuil seirbhís chuimsitheach ag na grúpaí seo a leanas:

  1. Iad siúd ar bheagán Gaeilge
  2. Iad siúd ar lag éisteacht
  3. Foghlaimeoirí Gaeilge

Fáilteoidh muid freisin roimh thairiscintí d’fhotheidil ar chláir BEO nó amhail-beo (m.sh Seó Spóirt, 7 Lá, Spórt Beo).

Mar chabhair d’ullmhú tairisceana, cuirfear ar fáil, ach é a iarraidh, meastachán den líon uaireanta an chloig agus de na haicmí clár atá i gceist.  Ní gá gur ionann an meastachán sin agus an líon uaireanta a bheidh i gceist in aon chonradh a thairgfí.

Iarrtar ar chomhlachtaí ar suim leo an tseirbhís seo, an soláthar iomlán nó aon chuid de agus atá in ann a chruthú go bhfuil an scil agus an saintaithí acu lena dhéanamh, tairiscintí scríofa a sholáthar.

Sa tairiscint scríofa is gá go mbeadh:

  • Cur síos ar scil agus saintaithí an chomhlachta
  • Buiséad ina sonraítear  miondealú ar an gcostas san uair an chloig mar aon le sonraí aon lascaine a bheadh ar fáil de réir ollsoláthair
  • Cur chuige an chomhlachta le coinneáil suas chun dáta le forbairtí teicneolaíochta fotheideal
  • Sonraí faoin bpróiseas seiceála agus ceartúcháin a bheadh i bhfeidhm le ardchaighdeán chinntiú agus le deimhniú go bhfuil logainmneacha agus ainmneacha daoine cruinn agus an t-aistriúchán dílis don bhunchanúint
  • Seachadadh éifeachtach an ábhair

Ní foláir buiséad a chur ar fáil mar chuid den tairiscint ina sonraítear miondealú ar an gcostas san uair an chloig agus le sonraí aon lascaine a bheadh ar fáil de réir ollsoláthair.

Is féidir eolas breise agus meastachán uaireanta a lorg ó maire.ni.ogain@tg4.ie.

NÓTAÍ

Beidh gá le deimhniú go mbeidh an comhlacht in ann clúdach cuí árachais a sholáthair má roghnaítear an iarrthóir.  Ní gá cóip den árachais a sholáthair leis an iarratas, díreach an deimhniú mar atá sonraithe. Beidh cóip den árachas ag teastáil ó TG4 má shocraíonn TG4 go bhfuil sé ar intinn aici an conradh a thabhairt don iarrthóir.

Níl iachall ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghas ná le haon iarratas.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.  Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.

Beidh aon conradh le TG4 ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cáineach ó na Coimisinéirí Ioncaim.  Ní gá cóip den Dheimhniú Imréitigh Cáineach a sholáthair leis an iarratas, díreach deimhniú go mbeidh an iarrthóir in ann an Dheimhniú Imréitigh Cáineach a sholáthair má roghnaítear an iarrthóir.  Beidh Dheimhniú Imréitigh Cáineach ag teastáil ó TG4 má shocraíonn TG4 go bhfuil sé ar intinn aici an conradh a thabhairt don iarrthóir.

Ní chuirfear conradh ceangailteach i bhfeidhm go dtí 14 lá ar a laghad tar éis fógra a thabhairt d’iarrthóir go bhfuil sé i gceist ag TG4 i bprionsabal an conradh a bhronnadh ar an iarrthóir sin.

Acht um Shaoráil Faisnéise: Cuirfear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraing ar aon eolas íogaireacht (más ann) agus a rá cén chúis gur eolas íogaireacht é.

Ní bheidh TG4 freagrach as aon chostas nó speansas a thabhóidh na hiarrthóirí nó na táirgeoirí atá rannpháirteach sa phróiseas bronnta conartha seo.

Is féidir eolas breise agus meastachán uaireanta a lorg ó maire.ni.ogain@tg4.ie.

Is gá iarratais a bheith faighte ag TG4 roimh 6pm ar an Aoine, 16 Márta 2012.

Marcáil “Seirbhísí Fotheideal TG4” go soiléir ar an gclúdach litreach.

Is ceart tairiscintí a sheoladh chuig:

Síle Bhreathnach,
Oifigeach Soláthar TG4,
Baile na hAbhann,
Co. na Gaillimhe.

Nó ar ríomhphost chuig sile.bhreathnach@tg4.ie

Share |
TG4 is not responsible for the content of external websites