
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ó scéim shocrúcháin oibre JobBridge, ar thréimhse Shocrúchán Oibre sa ról thuasluaite. Tréimhse 9 mí, Meitheamh 2012 - Feabhra 2013, atá i gceist.
Beidh an duine seo freagrach don Bhainisteoir Sceidil, ag obair mar Comhordaitheoir Sceidil don Rannóg Sceidil/Leabharlainne le cúramaí riaracháin, tráchta agus leabharlainne.
Ag deireadh na tréimhse oibre beidh an t-iarrthóir ábalta an córas tráchta agus cartlainne a úsáid go éifeachtach, ábhar físiúil a mheas agus a chur isteach sa gcóras digiteach agus ábhar a aimsiú. Beidh obair riaracháin i gceist mar aon le comhoibriú le lucht craolta agus le comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin.
Tá gá le scileanna ríomhaireachta, teicniúla agus riaracháin chomh maith le cumas maith foirne agus solúbthacht oibre.
Ba bhuntáiste d’iarrthóir cáilíocht chuí nó taithí i cúrsaí teilifíse.
Is í an Ghaeilge teanga oibre.
Seol iarratas, CV agus sampla ded shaothar ábharach chuig:
An Rannóg Pearsanra,
TG4,
Baile na hAbhann,
Co. na Gaillimhe.
Dé Céadaoin, 6 Meitheamh 2012 an spriocdháta d’iarratais.
Is fostóir comhionannas deise TG4 agus is í an Ghaeilge an teanga oibre.