News | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Irish News

  • Deireadh le conradh an Fhorais le Seirbhísí Pleanála Teanga
    18 FEBRUARY 2019 : 18:27

    Deireadh le conradh an Fhorais le Seirbhísí Pleanála Teanga

    Tá Foras na Gaeilge tar éis deireadh a chur leis an gconradh a bhí aige leis an gcomhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga. Bhí an comhlacht sin fostaithe ag an bhForas chun an córas nua a tugadh isteach 5 bliana ó shin, a athbhreithniú.

  • An Tánaiste Simon Coveney
    18 FEBRUARY 2019 : 16:52

    'An Eoraip ar aon intinn le hÉirinn i dtaca le Brexit'-Coveney

    Dúirt an Tánaiste Simon Coveney arís go bhfuil an tAontas Eorpach (AE) ar aon intinn leis an tír seo nach mbeidh aon dul siar ar an chomhaontú aistharraingte idir an Bhreatain agus an AE.Dúirt sé gur faoi Londain atá sé an chonstaic a shárú.

  • Chuka Umunna, duine den seachtar atá ag fágáil
    18 FEBRUARY 2019 : 16:34

    7 feisire éirithe as an Lucht Oibre sa Bhreatain

    Tá seachtar feisire éirithe as páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain.Tacaíocht an pháirtí do Brexit, agus teipeadh an pháirtí dul i ngleic le frith-Sheimíteachas na fáthanna a luadh le fágáil an tseachtair.

  • An tAire Heather Humphreys
    18 FEBRUARY 2019 : 18:10

    Imní faoi Brexit ag méadú do lucht ISME

    Léiríonn taighde nua go bhfuil an imní atá ar chomhlachtaí beaga agus meánmhéide (ISME) faoin Bhreatimeacht ag méadú gach aon lá.Níl ach 14% de na gnólachtaí a ceistíodh ag déanamh infheistíochta ina ngnó.

  • Caithfidh Comhairle Contae na Gaillimhe dul ar ais i mbun pleanála arís ar bhóthar Bearna-Scríb
    18 FEBRUARY 2019 : 15:02

    Pleanáil ón tús le déanamh ar an mbóthar nua Bearna-Scríb

    Fógraíodh tráthnóna go gcaithfear pleananna nua a chur i dtoll a chéile don bhóthar nua atá beartaithe siar feadh an chósta in iarthar na Gaillimhe. Tá na ceantair, a bhíodh ar an mhapa don bhóthar nua idir Bearna agus Scríb le baint de anois.

  • Oíche mhór dornálaíochta do bheirt ón Ghaeltacht
    18 FEBRUARY 2019 : 19:42

    Oíche mhór dornálaíochta do bheirt ón Ghaeltacht

    Tá oíche mhór na Dornálaíochta buailte linn an deireadh seachtaine seo chugainn, agus babhtaí ceannais na scothaicme, idir fhir agus mhna, á reachtáil sa Staid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn.

  • Gaelscoil Dara i gCathair na Gaillimhe
    18 FEBRUARY 2019 : 15:20

    Áiseanna nua teicneolaíoch ag Gaelscoil Dara

    Tá Gaelscoil i gCathair na Gaillimhe i mbun trialach faoi láthair ar áis nua teicneolaíoch le cuidiú le daltaí a bhfuil uathachas agus riachtanaisí eile speisialta acu.Tá súil ag an scoil an deis a bheith go buan aige sa bhFómhar.

  • Feachtas ag neartú in aghaidh na seirbhísí ginmhillte
    18 FEBRUARY 2019 : 17:39

    'Graifití ar bhalla clinic dochtúra sa Longfort, ina údar imní'

    Dúirt Comhairleoir ó Fhianna Fáil i gCo. an Longfoirt gur údar imní é an graifítí faoi ghinmhilleadh, a fágadh aréir ar chlinic dochtúra i mbaile an Longfoirt.Cáineadh polasaí an Rialtais ar an nginmhilleadh, chomh maith leis na meáin.

  • Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, Diarmuid Martin
    18 FEBRUARY 2019 : 14:49

    'Go leor ag fiafraí faoin mhoill i gcás McCarrick'- Martin

    Dúirt Ard-Easpag Caitliceach Bhaile Átha Cliath, an Dr. Diarmuid Martin, go bhfuil go leor daoine ag ceistiú moill na Vatacáine, an t-iarchairdinéal Theodore McCarrick, a dhíbhirt ón gcléir i bhfianaise na líomhaintí tromchúiseacha ina choinne.

  • Imní faoi sheirbhís FlyBMI
    18 FEBRUARY 2019 : 11:14

    Imní faoi sheirbhís FlyBMI san iarthuaisceart

    Tá imní mhór á léiriú ag roinnt de lucht gnó an iarthuaiscirt, a bhain úsáid go rialta as seirbhís FlyBMI idir Doire agus Stansted i Londain maidir leis an chinneadh, deireadh tobann a chur leis an tseirbhís.

  • Thompson ar a triail an 1ú Bealtaine
    18 FEBRUARY 2019 : 13:03

    Thompson ar a triail an 1ú Bealtaine

    Socraíodh i gCúirt Dúiche Chorcaí inniu gur ar an gcéad lá de Bhealtaine a chuirfear iar-chaiptín camógaíochta Chorcaí, Ashling Thompson, 28 bliain  ar a triail.Tá sí cúisithe i mbeirt bhan a ionsaí i gclub oíche sa gcathair beagnach bliain ó shin.

  • 15 FEBRUARY 2019 : 17:04

    "Zombie-Language" a bheidh sa Ghaeilge - Seán Ó Cuirreáin

    Polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge & na Gaeltachta dar leis an iar Choimisinéir Teanga Seán Ó Curreáin 'labhair Gaeilge in bhúr measc fhéin ach ní linne'.?? Géarchéim teangan maidir leis an nGaeilge nách bhfuil aon aird á thabhairt air a dúirt sé

  • Coláiste Feirste mar chroílár cheiliúradh Ghaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste.
    15 FEBRUARY 2019 : 17:34

    Údar ceiliúrtha ag pobal Bhóthar Seoighe

    Rinneadh ceiliúradh inniu ar 50 bliain de Ghaeltacht Bhóthar Seoighe in iarthar Bhéal Feirste mar chuid de ócáid speisialta i gColáiste Feirste agus áiseanna úra na scoile á oscailt go hoifigiúil.

  • BAM sásta an Rialtas a ligean ó chonradh Ospidéil na Leanaí.
    15 FEBRUARY 2019 : 18:36

    Fáiltíonn an freasúra roimh thairiscint BAM - Ospidéal na Leanaí

    Deir an conraitheoir atá freagrach as Ospidéal Nua na Leanaí a thógaint, go bhfuilid sásta tarraingt amach as an dtogra náisiúnta má theastaíonn ó Bhord an Ospidéil tairiscint a chur amach arís don gconradh.

  • Foireann bhuacach Ghaoth Dobhair atá sa tóir ar a gcéad cluiche craoibhe Club Uile-Éireann má éiríonn leo an cheann is fearr a fháil ar Chora Finne na Gaillimhe amárach
    15 FEBRUARY 2019 : 15:13

    Gaoth Dobhair ar thóir an phota óir

    Tá pobal Ghaoth Dobhair agus go deimhin Dhún na nGall ar bís agus seans ag an fhoireann sinsir peile a n-ainmneacha a scríobh sa stair amárach agus iad ag tabhairt dúshlán churaí na bliana anuraidh as Cora Finne na Gaillimhe.

  • Oibrithe otharcharanna ar stailc agus iad ag éileamh go gceadófaí a rogha ceardchumann dóibh
    15 FEBRUARY 2019 : 18:29

    Feithiclí airm úsáidte le déileáil le ganntanas otharcharranna

    Dúirt an Fheidhmeannacht Seirbhíse Sláinte gurb éigean don HSE leas a bhaint as feithiclí éigeandála an airm mar chúiteamh ar an nganntanas otharcharranna de bharr na stailce a bhí ar bun ag foirne otharcharranna inniu.

  • 2 bhliain gearrtha ar an nGarda Joseph O'Connor, 58 as íomhánna agus físeáin mí-úsáide leanaí bheith ar a ríomhaire aige
    15 FEBRUARY 2019 : 17:52

    Dhá bhliain príosúin ar Gharda as íomhánna mí-úsáide leanaí

    Gearradh téarma príosúin dhá bhliain ar Gharda as íomhánna agus físeáin de mhí-úsáid leanaí bheith ina sheilbh aige. Ciontaíodh Joseph O'Connor, 58 as iarthar Bhaile Atha Cliath i mí na Samhna seo caite. Phléadáil sé neamhchiontach sa choir.

  • Christian Fleming, 20 cúisithe i ndúnorgan Stephen O'Connor i gCill Orglan maidin Dé Domhnaigh seo caite
    15 FEBRUARY 2019 : 11:40

    Fear cúisithe i ndúnorgan Stephen O'Connor i gCill Orglan

    Tugadh fear sna ficheadaí os comhair Cúirt Dhúiche Chill Airne, i gContae Chiarraí ar maidin maidir le bás Stephen O'Connor in achrann i gCill Orglan luath maidin Dé Domhnaigh seo caite.

  • Iarrachtaí ar bun le creimeadh ar Shliabh Earagail a mhaolú
    15 FEBRUARY 2019 : 12:16

    Iarratas ar chreimeadh Shliabh Earagail a stop

    Tá cead pleanála a lorg ag Coiste Togra Ascent ó Comhairle Condae Dhún na nGall le caomhnú agus forbairt a dhéanamh ar an Earagail.

  • Fuair Charles McCarthy as Corcaigh bás i ndiaidh ionsaí inar sáthadh scriúire in uisinne a chloigeann san Astráil ar an 23ú Nollaig 2017. Fuarthas Andrew Doan neamhchiontach ina dhúnmharú ach ciontach i ndúnorgain
    18 FEBRUARY 2019 : 09:20

    Fear neamhchiontach i ndúnmharú fhear Éireannach san Astráil

    Fuair Charles McCarthy, arbh as Áth Fhada Uachtair, Co Chorcaí bás i ndiaidh ionsaithe agus é ag siúl ar bhóthar Cois Abhann in oirthear Fremantle, Perth lena bhean cheile Nicole agus cara leo, Jason Curran moch maidin Shatharn an 23ú Nollaig.

  • Ciste maoinithe do thograí athghiniúna tuaithe i nDún na nGall fógartha ag an Aire Oideachais McHugh
    15 FEBRUARY 2019 : 10:49

    Ciste Athghiniúna Tuaithe Dhún na nGall fógartha

    D'fhógair an tAire Oideachais Joe Mc Hugh maoiniú do cheithre thogra i nDún na nGall faoi Chiste Forbartha agus Athghiniúna Tuaithe. Tá an mhaoiniú ceadaithe le cúrsaí turasóireachta agus fiontair a chur chun cinn sa chondae.

  • Lán-tacaíocht an Aontais Eorpaigh ag Éirinn i gcás an Bhreatimeachta
    15 FEBRUARY 2019 : 18:44

    An tAontas Eorpach diongbháilte maidir leis an mBreatimeacht

    Deir an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil an tAontas Eorpach fós diongbháilte maidir leis an mBreatimeacht. Bhí sé ag labhairt  i mBleá Cliath áit go ndúirt sé leis go bhfuil dlús á chur fa ullmhúcháin an Rialtais sa chás is go n-imeoidh an Bhreatain gan s

  • An tOllamh Tony Fahey, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
    14 FEBRUARY 2019 : 17:25

    Beartas tithíochta an Stáit cáinte ag Ollamh le Polasaí Sóisialta

    Chosain an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Eoghan Murphy an méid atá an Rialtas le caitheamh ar íocaíochtaí cúnaimh tithíochta, nó HAP, i mbliana. €400 milliún a chaithfear i mbliana, ardú beagnach €100 milliún  ar an mbliain anuraidh.

  • Bean maraithe tar éis do thram Luas í a bhualadh
    14 FEBRUARY 2019 : 16:16

    Bean maraithe tar éis do thram Luas í a bhualadh

    Maraíodh bean nuair a bhuail tram Luas í gar do Thamhlacht i mBaile Átha Cliath thart ar 10 a chlog ar maidin.

  • Soláthraí: Nuacht RTÉ/TG4

Advertisement