Newsletter: April 2016
Wwoofáil Oz
More on TG4
Éirí Amach Amú
23, 24, 25 Aibreán @ 21:30
Sraith-dhráma nua grinn agus staire. Nuair a théann triúr fear as Baile Átha Cliath siar san am go 1916, ní túisce ann iad nuair a dhéanann siad dearmad mór a chuireann athrú ar gach ní. Agus fios acu go bhfuil an tÉirí Amach millte acu sula bhfuil sé tosaithe, caithfidh siad teacht ar phlean chun cúrsa na staire a choinneáil agus filleadh ar an am i láthair arís.
A new and irreverent comedy drama series with a Centenary twist! When three modern day Dublin men are transported back in time to 1916, no sooner have they arrived than they commit a blunder that changes everything. Realising they have wrecked the Rising before it has even begun, they must keep history on course – and figure out a way to return.
Scéalta na nÓstán
Dé Domhnaigh, 21:30
Sraith nua a thugann léargas ar ghné thábhachtach den stair shóisialta in Éirinn agus súil siar ar chuid de na hóstáin is mó atá luaite le stair na turasóireachta sa tír seo le seasca bliain. Bhí cáil i bhfad is i ngearr ar chuid de na hóstáin seo agus bhronn stádas áirithe ar éinne a mhaígh gur fhan sé/sí iontu.
A new nostalgic series chronicles the history and inside stories of Ireland’s landmark hotels, using personal reminiscences, stories are revealed with fascinating nuggets of history and heart. The series unfolds the extraordinary stories behind some of Ireland’s most significant hotels and the impact these top brand hostelries have had on their local communities.
Mná an Cheoil
Tosú Dé Domhnaigh, 17 Aibreán @ 22:00
Ceilúradh ar theacht chun cinn na mban i saol an cheoil traidisiúnta atá sa tsraith nua thaitneamhach seo atá á cur i láthair ag na ceoltóirí féin. Pléifear oidhreacht na mban i dtraidisiún cruitireachta na hÉireann sa chlár seo.
A new six part music series that celebrates the rise of women in traditional Irish music. A story told by female musicians, this first programme explores the legacy of women in the Irish harping tradition.
Crainn na hÉireann
Dé Máirt, 20:00
Sraith teilifíse ar chrainn dhúchasacha na tíre ina léirítear an ceangal ársa idir an duine agus an crann. Feicfear ann go soláthraíonn siad bia, dídean, teas agus leigheas dúinn go gcothaíonn said an timpeallacht gach aon lá dár saol.
A new series which explores the trees of Ireland that celebrates their importance in many aspects of our lives and their benefit to our environment.
GAA Comóradh 1916 | 2016
Dé Domhnaigh, 24 Aibreán
Ar lá stairiúil déanfaidh Cumann Lúthchleas Gael comóradh cuí i bPáirc an Chrócaigh ar an gCéad Bliain atá caite ó cuireadh tús le hÉirí Amach na Cásca, 24 Aibreán 1916. Craolfar an ócáid beo ar TG4 agus ina dhiaidh na Cluichí Ceannais Sraithe sa bPeil.
Sunday 24th marks the calender anniversary of the 1916 Rising and the GAA Centenary Celebration at Croke Park will form part of the day’s events alongside the Allianz Football Finals, live and exclusive only on TG4.
An Fear Bréige
Céadaoin & Satharn
Sraith a chuireann lenár dtuiscint ar an dúlra agus ar an timpeallacht. Tá scoileanna fud fad na tíre ag fáil faoi réir do Chraobh Náisiúnta na bhFear Bréige.
Series which brings kids closer to nature. Each school will create a scarecrow based on different themes including water, the land, energy etc and will enter it in the National Scarecrow Championships.
Lean Snapchat TG4tv
@TG4TV
An mbeidh tú ag déanamh an scrúdú béil an mhí seo ? Má tá lean Snapchat TG4tv le Mícheal Ó Ciaraidh & Caitlín Nic Aoidh más áil leat cleachtadh spreagúil cainte a dhéanamh.
Are you about to do your oral Irish exam? If so, why not follow Mícheál Ó Ciaraidh and Caitlín Nic Aoidh on our Snapchat channel, TG4tv to get some useful (and entertaining) practice in.
Na Meáin Sóisialta
Facebook: https://www.facebook.com/TG4TV
Twitter: https://twitter.com/TG4TV
Youtube: https://www.youtube.com/TG4
Flickr: https://www.flickr.com/photos/tg4
Instagram: https://www.instagram.com/tg4tv
Snapchat: https://www.snapchat.com/add/tg4tv
Periscope: https://www.periscope.tv/TG4TV
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv

