

Tá deireadh na scoilbhliana tagtha agus saoire an tsamhraidh buailte linn ! Is breá linn ar fad dul ag spaisteoireacht is muid ar laethanta saoire - mar sin pacáil do chuid málaí agus téigh ar thuras na samhlaíochta le Cúla4 gach lá! Léim ar bord Thraein na nDineasár in éineacht le Buddy agus a chairde. Caith lá ar an bhfeirm le Otis, téigh go tóin poill le Spongebob nó ar eachtra craiceáilte in éineacht le Fanboy agus Chum Chum; é sin ar fad in aon lá amháin! Déanfaimid cinnte nach mbeidh tú díomhaoin an samhradh seo mar an fhad is atá tú ag déanamh bolg le gréin féadfaidh tú freisin a bheith ag imirt chluichí Cúla4. Íoslódáil na cluichí ar fad a bhí sa nuachtlitir deiridh trí chuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin Cúla4
GLAC PÁIRT

Tá comórtas ar Shuíomh Cúla4 an mhí seo áit a dtabharfaimid deis duitse PS Vita agus dhá chluiche a bhuachan. Le bheith sa seans níl le déanamh agat ach an cheist atá ar an láithreán a fhreagairt! Go n-éirí leat!
BÍ AG SPRAOI

Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú agus cad a bhíonn Garfield a dhéanamh ach ag imirt na gcleas ar Odie agus ag ithe lasáinne. Priontáil an banda seo faoi dhó. Gearr timpeall leis an líne agus greamaigh an péire dá chéile le téip chun banda a dhéanamh agus beidh tú féin cosúil le Garfield !
BAIN TRIAIL AS!

Tarraing do Spongebob Squarepants féin! Níl le déanamh ach aithris a dhéanamh ar an bpictiúr le cabhair na mboscaí. Tarraing é, dathaigh é agus croch suas é!
CÚLA4 BEO ar an Idirlíon: Is féidir cuid de chláir CÚLA4 a fheiceáil aon uair ag www.tg4.tv.
Bain sult astu!
Déanaimid ár ndícheall rogha clár spleodrach spraíúil a roghnú don lucht féachana óg. Níl feidhm beacht oideachais leis na cláir ach tá súil againn go gcuidíonn siad le suim a mhúscailt sa Ghaeilge agus le tairbhe a bhaint aisti. Failtímid i gcónaí roimh bhur gcuid tuairimí.

Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC; 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable);
51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv