Tá go leor agaibh ag comhaireamh na laethanta go mbeidh an scoil dúnta agus go dtosóidh na laethanta saoire! Idir thurais scoile, laethanta spóirt, scrúduithe agus an obair ar fad, glac sos agus caith seal le Cúla4. Más ag faire aimsir bhreá atá tú beidh tuar na haimsire ag ár gcairde ar Cúla4 na nÓg. Gach Aoine ar “Scéal an Lae” beidh nóiméad draíochta scéalaíochta agus dar ndóigh is againn atá na cláir is fearr gach lá ó 7.00 am.

GLAC PÁIRT

Bíonn ealaíontóirí óga an-ghnóthach ar feadh na bliana ag seoladh a gcuid pictiúr chugainn anseo i Cúla4. Lean oraibh i gcaitheamh an tsamhraidh – féach ar www.cula4.com

BÍ AG SPRAOI

MMMMM! Is maith le Buddy blaiseadh de chineálacha nua bia.

FÉILIRE MHÍ MEITHIMH

Tá go leor ag tarlú an mhí seo, cuir na himeachtaí ar fad isteach sa bhféilire seo!

RÉALTAÍ CÚLA4

Buail cois faoi an samhradh seo le réalta Cúla4! Is iomaí aisteoir óg a bhíonn le feiceáil ar Cúla4 agus más suim le do pháiste a bheith páirteach ar Cúla4 déan cinnte a bheith i dteagmháil linn!

CÚLA4 BEO ar an Idirlíon: Is féidir cuid de chláir CÚLA4 a fheiceáil aon uair ag www.tg4.tv.
Bain sult astu!

Déanaimid ár ndícheall rogha clár spleodrach spraíúil a roghnú don lucht féachana óg. Níl feidhm beacht oideachais leis na cláir ach tá súil againn go gcuidíonn siad le suim a mhúscailt sa Ghaeilge agus le tairbhe a bhaint aisti. Failtímid i gcónaí roimh bhur gcuid tuairimí.

Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC; 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable);
51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv

TG4 is not responsible for the content of external websites