Newsletter: October 2016
Bóthar Buck: Ag Tosú 06/10
More on TG4
Junior Eurovision
Ag tosú 09/10/16
Den dara bliain as a chéile beidh iomaitheoir ón tír seo ag glacadh páirt sa gComórtas Amhránaíochta Eorafíse Sóisearach agus beidh an babhta ceannais á bheochraoladh ar TG4. Is é Eoghan McDermott a bheidh mar láithreoir ar an gcomórtas Éireannach agus is iad Fiachna Ó Braonáin agus Pauline Avalon, na moltóirí.
The search is on for the voice and the song to represent Ireland in Malta in the 2016 Junior Eurovision Song Contest. After extensive auditions nationwide, the top 32 singers, aged 9-14 years have been chosen to go forward to the televised heats.
Mr Robot
Ag Tosú 15/10/16
Leanann an sraith iomráiteach seo scéal Elliot, fear óg a bhfuil scil ar leith aige ag haiceáil ríomhairí. Níl an scil céanna aige ina chaidrimh le daoine ach úsáideann sé na ríomhairí leo siúd a bhfuil cion aige orthu a chosaint. I ndeireadh na dála tugann an haiceáil ar bhóthar eile é, ag plé leis an ‘F-society’, eagras faoi cheilt.
From the producers of “True Detective,” “Mr. Robot” follows Elliot, a young and brilliant programmer who has perfected the art of computer hacking. Elliot suffers from a debilitating anti-social disorder, making hacking into peoples’ lives his only means of human connection.
Imeall
Déardaoin 22:30
Tá séasúr eile chugainn den chlár seachtainiúil ó shaol an chultúir agus na n-ealaíon. Seo an naoiú séasúr agus bíonn fís agus faobhar sna míreanna a chuireann na láithreoirí Tristan Rosenstock agus comh-láithreoir nua, Ailbhe Ní Ghearbhuigh inár láthair.
This season, Irish poet Ailbhe Ní Ghearbhuigh who will be co-presenting alongside Tristan Rosenstock. Our team of artist-reporters including artist Sinéad Ní Mhaonaigh and Hothouse Flowers Fiachna Ó Braonáin join us we document the works and lives of the Irish artists.
Follow the Money
Ag Tosú 20/10/16
Scéinséir coiriúlachta as an Danmhairg. Scéal faoi shaint, faoi chneámhaireacht agus faoi ghadaíocht i measc maithe agus móruaisle sa saol tráchtála.
Danish crime thriller set in the world of economic crime. It is the story of speculators, swindlers and corporate princes and the crimes they commit in the pursuit of wealth.
The Ground We Won
Dé hAoine 04/11
Clár faisnéise faoi chumann rugbaí i gceantar tuaithe sa Nua Shéalainn. Léiríonn an clár an tábhacht atá leis an spórt i saol na bhfear. Seo scéal faoi chairdeas, faoi ghaisce agus faoin traidisiún a bhaineann leis an spórt.
The Ground We Won is a documentary study of manhood as observed through the rites and rituals of a rural New Zealand rugby club. With great bawdiness and camaraderie, an eclectic rugby team of farmers strive to redeem themselves from a long run of bitter loses.
Na Dúlradóirí
Dé Céadaoin 17:00
Sraith nua a dhíríonn ar an dúlra agus muid ag tathant ar ógánaigh dul amach faoin aer agus iontais an dúlra a fheiceáil – sa ngairdín, sna páirceanna agus ar an trá. Á láithriú ag Fionnuala Nic Corraidh agus Colm Mac Giolla Easbuic.
A new series encouraging youngsters to get off their sofas and enjoy nature – on the beaches of Ireland, in our forests, parks and city gardens. Presented by Fionnuala Nic Corraidh and Colm Mac Giolla Easbuic.
Wuzzywot
Ag tosú 05/09
Fáilte go domhan Wussywat, áit a dtárlaíonn eachtraí barúla don chat ciontach – a bhíonn seasta ag foghlaim rudaí nua.
Welcome to the clumsy world of Wussywat where funny things happen to a curious, clumsy cat who loves exploring and learning from his mistakes.
Na Meáin Sóisialta
Lean Muid; Bí ag Comhrá Linn
Facebook: https://www.facebook.com/TG4TV
Twitter: https://twitter.com/TG4TV
Youtube: https://www.youtube.com/TG4
Flickr: https://www.flickr.com/photos/tg4
Instagram: https://www.instagram.com/tg4tv
Snapchat: https://www.snapchat.com/add/tg4tv
Periscope: https://www.periscope.tv/TG4TV
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv

