Seó Spóirt
Ag tosú Dé hAoine 10/08

Tá Dara Ó Cinnéide agus a chomhluadar ag cur tús le séasúr nua agus is iomaí ábhar atá le plé acu anois agus na craobhacha peile agus iomána ag teannadh lena mbuaic, Craobh TG4 i bPeil na mBan faoi lán seol agus tús le cur go luath le sraith rugbaí RaboDirect Pro12.

Dara Ó Cinnéide and guests return with plenty of sports topics for discussion, as the Championship season in football & hurling reaches its climax, TG4's Ladies Football Championships are well under way and the RaboDirect Pro12 rugby season is just around the corner.

Red Bull Cliff Diving ó Oileán Árann
Déardaoin 23/07 ag 18:00

Beidh na tomadóirí faille is fearr ar domhan ar Inis Mór, Árainn ar an 4 Lúnasa - i bPoll na bPéist a bheidh na tumadóirí, poll taibhsiúil séideáin, atá aitheanta as a áilleacht agus as draíocht an chruth nádúrtha atá gearrtha isteach sna carraigeacha ar chiumhais an Atlantaigh.

Red Bull Cliff Diving travels to Ireland for the fourth stop of the 2012 World Series which takes place on Inis Mór, on August 4th. The world's best cliff divers take on Poll na bPéist a near-perfect rectangle, a natural formation in the rugged rocks like nature's plunge pool. Highlights on TG4 on 23rd August.

Breaking Bad
Déardaoin 23:00

Leanann Walt agus Jesse ar bhealach a n-aimhleasa; níl aon fheabhas ar chaidreamh Walt agus Skyler sa mbaile agus tá tubaiste i ndán do Albuquerque - sin ar fad sula gcríochnaíonn sraith 2. Tosóidh sraith 3 ar TG4 ar 6 Meán Fómhair

As season 2 concludes, Walter and Jesse continue their journey into a dangerous world of drugs and crime. At home, Skyler and Walt's differences seem irreconsilable, & Albuquerque is in for a shock from the sky. Season 3 continues on September 6th.

Ceol na nOileán
Dé Domhnaigh 22:00 ón 26/08

Léargas ar an traidisiún saibhir ceolmhar atá ag oileáin na tíre. Tugtar cuairt ar Reachlainn, ar Oileán Chléire, Oileáin Árann agus ar Chliara agus Inis Toirc, dhá oileán amach ó chósta Mhaigh Eo. Sa gcéad chlár, tá clann cáiliúil Black i measc na n-aíonna ar oileán Reachlainn.

An exploration and celebration of the strong musical tradition on 4 coastal islands, Rathlin island, Oileán Cléire, the Aran Islands two Mayo islands - Clare and Inishturk. Episode one, Rathlin Island, features the famous Black family, Dublin born but Rathlin blood.

The Running Mate
Dé Céadaoin 9:30 ón 22/08

Sraithdhráma grinn a thugann léargas magúil ar chleasaíocht na polaitíochta. Nuair a thiteann an Rialtas mar gheall ar mhí-iompar Phaudie Counihan, TD, fógraítear Olltoghchán. Ní ghlacann Vincent Flynn le cinneadh a pháirtí tús áite a thabhairt arís do Counihan.

A hilarious satirical drama series, fictitious of course, but close to the bone too. The plot centres on the fall-out during a General Election. Long-serving Vincent Flynn is sure that he will be chosen to run instead of the disgraced outgoing TD. But as Vincent finds out, all is not fair in love or politics.

Peil na mBan Beo
Gach Satharn

Séasúr nua craoibhe i bPeil na mBan ag tosú ar an Luan 4 Lúnasa agus ag leanacht le cluichí BEO gach Satharn.

As the TG4 Ladies Gaelic Football Championship 2012 warms up, live coverage on Bank Holiday Monday, August 4th and every Saturday thereafter.

Wallace & Gromit
Domhnach 18:20 ón 19/08

Fáilte go dtí domhan Wallace & Gromit, mar a gcaithfidh siad súil ar aireagáin, ar ghiúirléidí agus ar iontais nua-chruthaithe eolaíochta.

Wallace & Gromit will take a light-hearted and humorous look at the real-life inventors, contraptions, gadgets and inventions.

Pop4
Dé Sathairn 17:55

Drámaíocht le beirt deirfiúr, Valerie agus Holly Tyler, atá ina gcónaí i gcathair Nua Eabhrac

Sitcom set in New York City, following the lives of two sisters, old-sister Valerie Tyler and teenager-sister Holly Tyler.

Féach ar TG4 BEO aon uair ó áit ar bith ar fud an domhain ag www.tg4.tv

Watch TG4 live or catch up from anywhere around the world at www.tg4.tv

Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC; 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv

 
TG4 Player TG4 Flickr TG4 YouTube
Share |
TG4 is not responsible for the content of external websites