Tour de France
Ag tosú 30/06 ar tg4.tv agus 09/06 ar TG4

Cúrsa 3,497 ciliméadar atá i gcúrsa iomlán Tour de France 2012, ón tús i Liege na Beilge 30 Meitheamh go ceann scríbe ar an Champs-Élysées i bPáras 22 Iúil, 20 stáid ar fad, ina measc 9 stáid-bhaile nua. Beidh an beochlúdach ar TG4 agus tg4.tv

Running from Saturday June 30th to Sunday July 22th 2012, the 99th Tour de France will cover 3,497 kilometres from Liege to the Champs-Élysées. 20 stages. See it all on TG4 and tg4.tv

An Samhradh Linn
Déardaoin 20:30 ón 05/07

Tabharfaidh Síle Ní Bhraonáin an samhradh chugainn ó cheann ceann na tíre. Gheobhaidh sí blaise de bhia, de cheol agus de thimpeallacht na mbailte agus na bhféilte a dtugann sí cuairt orthu.

Síle Ní Bhraonáin brings the summer to the tv screen as she travels through Ireland to bring us vibrant music, delicious food and a taste of the local area.

True Blood
Dé Máirt 23:30 ón 10/07

Sraith Nua: Téann Sookie ar thuras. Socraíonn Eric agus Bill go bhfuil siad chun an cine daonna a mhealladh chucu arís. Féachann Terry Arlene a chur ar a suaimhneas faoina bhfuil ag cur as di faoin bpáiste.

New Series: Sookie journeys away from Bon Temps; Eric and Bill try to win back the human public; and Terry tries to alleviate Arlene's fears about the baby.

Volvo Ocean Race
Dé Sathairn 0707 & Dé Céadaoin 11/07

Críochnóidh an Volvo Ocean Race 2012 i gCuan na Gaillimhe i dtús Iúil. Beidh beochraoladh agus buaicphointí rás an chuain i nGaillimh agus bronnadh na nduaiseanna le feiceáil ar TG4 agus ceamraí ós na duganna ar TG4.ie

The 2012 Volvo Ocean Race finishes in Galway Harbour and TG4 will have highlights from the in-port race in Galway and the Prize Giving as well as live web cams from Galway harbour at www.tg4.ie.

Stair na mBannaí Céilí
Dé Domhnaigh 22:30 ón 29/07

Cuireadh an chéad céilí ar bun i Londain i 1897 agus is é Conradh na Gaeilge a d’eagraigh é. Le linn na sraithe seo cuirfear na bannaí céilí ba mhó cáil ó shin i leith in aithne dúinn.

An introduction to the origins of the céilí band phenomenon. In 1897 the London branch of the Gaelic League was responsible for the very first céilí. Soon, the phenomenon spread and so began the rise and rise of the céilí band.

GAA U21
11, 18, 19 Iúil.

Beidh scil, paisean agus luas lasrach na hiomána faoi 21 ar TG4 le linn mhí Iúil ina measc, Cluichí Ceannais Laighean & leath cheannais Chúige Mumhan. Féách ar bhláth na hóige i mbun an spóirt is fearr ar domhan.

TG4 brings coverage the U21 Hurling championships, top skill and pace from the provinces, including the Leinster final and the Munster Semi Finals.

Cluichí Traen na nDíneasar
www.cula4.com

Tuilleadh cluichí idirghníomhacha ar suíomh cula4.com an mhí seo le Traen na nDíneasar- bí i do stiúrthóir traenach, téigh ag iascach nó tomhas méid na ndíneasár. Bain triail as!

More interactive web games as Gaeilge on www.cula4.com with Dinosaur Train games, including a chance to be the conductor on the jurrasic journey, or guess how big the dinosaurs are.

Pop4
Dé Sathairn 17:55

Cairtcheol na hÉireann á chur i láthair ag Eoghan Mac Diarmada. Na físeáin ceoil is taibhsiúla, léirmheasanna ar albaim agus ceol beo sa stiúideo ó bhannaí ceoil as Éirinn.

Ireland’s TOP 30 national chart show presented by Eoghan Mac Diarmada. All the hottest videos, album reviews and live music in studio every week from top Irish bands.

Féach ar TG4 BEO aon uair ó áit ar bith ar fud an domhain ag www.tg4.tv

Watch TG4 live or catch up from anywhere around the world at www.tg4.tv

Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC; 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv

 
TG4 Player TG4 Flickr TG4 YouTube
Share |
TG4 is not responsible for the content of external websites