HOME » Programmes » AMHRÁIN IS ANSA LIOM » Guests » Brian Ó Domhnaill
Brian Ó Domhnaill from Anagaire Co. Donegal is this week’s guest
singing; ‘An Bobaire’, ‘Mainistir na Búille’ and ‘Máire Mhaiseach’.
An Bobaire
Arú thuas i Mín an Iolair bhí an bhainis a ba mhó bhí in Éirinn
Bhí Tomás Mór Ó Colla ann is bhí ua de Eibhlín Thaidhg ann
Ach thit pota an bhraith ins na másaí ar an mhalóid
Is d'éirigh scaifte cailíní ag cur taos lena másaí
Is horú leis an chrúiscín is bíodh sé lán.
Tá teach beag ar an bhaile seo arbh ainm de teach Phádraig
Is ann a níthear an bacstaí is a fháisctear na prátaí
Nuair a thiocfas Pádraig na bhaile is gheobhaidh sé an cusach déanta
Sé bhuailfidh sé na cailíní le naoi bpice prátaí.
Is horú leis an chrúiscín is bíodh sé lán.
Tá cailín ar an bhaile seo arbh ainm di an Raimsce
Siúlann sise an baile seo naoi n-uaire ina ceannfort
Fásfaidh cosa seagail aisti is brisfidh muid an brainse
Is nach iomaí sin ball bruite atá ar lorga mo Raimsce.
Is horú leis an chrúiscín is bíodh sé lán.
Tá cailín ar an bhaile seo arbh ainm di Cos Dóite
D'íosfadh sise coradh is trí bhaclach prátaí rósta.
Nuair a théann sí chun dorais ag croitheadh a cóta
Ligeann sí alpán gaoithe aisti a chluinfeá i mBaile an Róba.
Is horú leis an chrúiscín is bíodh sé lán.
Bhí mise lá ag gabháil siar Droichead na hArdadh
Casadh scaifte brealláin bhuí orm agus iad uilig ag gáire
Nuair a d'fhiafraigh mise daofa caidé ábhair a ngáire
Sé dúirt siad lucht muscaidí is na bonnaí buí i scála.
Is horú leis an chrúiscín is bíodh sé lán.
Ach bhí mise lá ag gabháil siar na Mhuillinn Iarainn
Is mé ag siúl liom orú thart cois na trá
Leag mé mo lámh ar an reilig a raibh mo ghrá inti
Is chuir mé naoi laige díom le cumha i ndiaidh mo stóirín.
Is horú leis an chrúiscín is bíodh sé lán.
Mainistir na Búille
Chaith mé seacht seachtaine thuas fá Mhainistir na Búille
Mo shuí agus i mo luí, mo chodladh is mo mhúscladh
Nuair a shíl mé bheith teacht 'na bhaile agus an eaglais a bheith faoi rún liom
Gurb é brí mo scéil a chailín is gan tusa a bheith ag dúil liom.
Ó is maith an fear fóinte mé lá Fómhair agus Earraigh
Bhainfinnse an eorna is chuirfinn romham í arís sna bealaí
Tá bláth buí ar an eorna is tá an Fómhair ag pilleadh arís léi
Ach croí brúite ar an ógmhnaoi nach lag brónach a d'fhág sí mise.
Tógfaidh mé mo sheoltaí go lag brónach fá Shamhain
'Gus ní dhéanfaidh mé stad nó scríste nó go raibh mé is mo ghrá i Sasain
Is trua nach é an bás a bhí i ndán domh sna bealaí a bhí fada
Sular chuir mé cúl mo dhá láimh le do chúilín bán deas i bhfad ó bhaile.
Agus bhí mé lá Samhraidh is mé ag siúl cois Bóinne
Tharla domhsa an spéirbhean is í a gabháil tharam ina cóiriú
Fana pilín ard riabhach 'gus a diallait ghlan órbhuí
Agus na ceoltaí a bhí meidhreach a bhí ag Máire an chúil órbhuí.
Tá ceo ar na réalta ar an ghréin is ar an ghealaigh
'S tá dalladh ar mo radharcsa is ní léir domhsa na bealaí
Tá cuach i nGleann Éinnigh is ní féidir liomsa a mealladh
Tá cumha nach scarann go héag liom go dté mo chónarsa i dtalamh.
Máire Mhaiseach
A Mháire mhaiseach a chailín is órbhuí ciabh
Cad chuige nach molann tú i gcónaí a' bheith ag triall
Dá mbeadh a fhios agam go mbeadh bean ar bith beo gan bhia
Nach í bean an chaiftín a bheadh agam seal míosa ar sliabh.
Foill foill, a ghailltigh a dúirt sí uair nó dhó
Sé an scannal nár thuill mé ariamh go fóill
Mo leithéid de chailín a bhfuil ribíní ceangailte dá bróg
A bheith ag siúl curaigh faoi thuirse le buachaill bó.
Is ní mar a dúirt sise an fhaoileann bhán
Go raibh an haon a hairt aici is cúpla máimh
Bhí muileata agus cuileata ar lúth ina lámh
Is go mealladh sí an file le aon súil amháin.
Tá an oíche seo siocaithe is tá an ghaoth i ndroch aird
Is tá an sneachta go fairsing fá bhéal an átha
Tá an tseisreach ina seasamh is tá an béim ar lár
Is tá mo chailín ins an bhaile is í i ndiaidh an Éirne a shnámh.
Is ní raibh mé ar cuairt aici ó chuaigh sí i gcró dí fhéin
Is ní raibh mé ar cuairt aici ó fuair sise ábhar scéil
Is ní hé an t-uachtar a chuir sí an uair sin i mo láthairse ach méadhg
Sé mo thrí thrua naoi n-uaire an fear ar fágadh léi.
A ghrá nó nárbh fhearr duit mé ná an gabha dubh críonn'
A ghrá nó nárbh fhearr duit mé ná buairimh an tsaoil
Chuirfinn síol i do gharraí den phlúr geal mín
Is tú bhreoigh mo chroí le ráithe le an chumha a' bhaint díom.