HOME » Programmes » AMHRÁIN IS ANSA LIOM » Guests » Cárthach Mac Craith
Cárthach Mac Craith from An Rinn sings 'Sliabh na mBan', 'An Cailín Deas Rua', and 'Aithrí Seán de hÓra'.
Sliabh na mBan
Is oth liom fhéinig bualadh an lae úd
Do dhul ar Ghaeil bocht is na céadta slad
Mar go bhfuil na méirligh ar déanamh game dinn
Is á rá nach aon ní leo píc nó sleá
Níor tháinig ár major i dtús an lae chughainn
Is ní rabhamar fhéin ann i gcóir ná i gceart
Ach mar sheolfaí gan aoire, tréad bó dtí an aonach
Ar thaobh na gréine dhe Shliabh na mBan.
Sé Ros do bhreoigh is do chlaoigh go deo sinn,
Mar ar fágadh mór-chuid dinn sínte lag
Leanaí óga ina smúrabhán dóite
Is an méid d’fhan beo dhinn cois claí nó scairt
Nach geallaim fós díbh an té dhein an foghla
Go mbeinn i gcóir dó le píc is le sleá
Is go gcuirfeam ‘Yeomen’ ar crith ina mbróga
Ar díol an comhar leo ar Shliabh na mBan.
Tá an Francach faobhrach is an loingeas gléasta
Le crannaibh géara acu ar mhuir le seal
'Sé an síorscéal go bhfuil a dtriall ar Éirinn
Is go gcuirfid Gaeil bhocht arís 'na gceart
Dá mba dhóigh liom fhéinig dá mb'fhíor an scéal úd
Bheadh mo chroí chomh héadrom le lon ar sceigh
Mar go mbeadh claoí ar mhéirligh, is an adharc dhá shéideadh
Ar thaobh na gréine dhe Shliabh na mBan.
An Cailín Deas Rua
In aisling dhom fhéin aréir is mé i’m leaba tré m’ shuain
Go rabhas dul lem’phósadh lem’ stór croí go hintinneach suairc
Bhí rince is ceol agus spórt groidhe dá spreagadh dem’ chluais
Agus céad giní óir ar an mbord ag an gCailín Deas Rua.
‘Sé Tiobraid Árann a dh’fhágas ar maidin Dé Luain
Níor stadas den stáir sin go dtáingíos go dtí an Daingean ar chuairt
Cé gheobhainn ós cionn clár nach mo ghrágheal is í ag imirt ar scuab
Is ar iompó an mhámhaín bhí an cíonádh ag an gCailín Deas Rua.
Agus siúd ort a Sheáin ní fhágasa an baile go Luan
Go bhfuil mo chroí cráite is gan aon fháil agam ar thoddy ná a luach
Gurbh é a deir na mná liom go mb’fhearr dhom bheith marbh san uaigh
Mura dtréigfeadsa an clár an cárt is an cnagaire crua.
Ní thréigfeadsa an clár, an cárt ná an cnagaire crua.
Ní thréigfead ná Máire, bhean mhánla ‘sí ainnir na gcuach,
Ag Aonach an Mháirt thugas grá agus taitneamh dá grua
Is a rúin ceart mo chléibh ná tréigh mé mar gheall ar na buaibh.
Léan ar na buaibh is buartha a dh’fhágann siad mná
Bíonn braon ar a ngrua ó Luan go dtí maidin Dé Máirt
A liacht cailín chiúin stuama nár dúil dóibh imeacht chun fáin
Agus leibidí luatha ag baint buachais is gradam ‘na n-áit.
Do chonathas inné í in éide gil siopa i bhfad uaim.
Ba bhreáithe í ná Vénus an spéir-bhean sí ainnir na gcuach
Níl aon gheallúint sa tsaol ón spéir go dtí an talamh anuas
Nár thug sí dom féin é, ach tar éis sin dh’éalaigh sí uaim.
Níl aon tslat ins an gcoill ná fuil snaidhm ina bun ná ina barr
Níl aon bhreac ina an linn ná h-éiríonn ar bharr uisce snámh
Níl aon sagart sa ríocht ná héiríonn chun Aifrinn do rá
Ach ó d’imigh sí uaim ní mór ná go n-airím an lá.
Aithrí Sheán de hÓra
Ár n-athair atá ins na flaithis go hard
Go naofaíor tráth t-ainmse
Go dtaga do ríocht, do thoil ar an saol
Mar a déantar i gcríoch Phárthais
Ár n-arán laethúil tabhairse dúinn
Is maith dhúinn ár gcionta ainbhios
Mar a mhaithimid do chách
Ná lig sinn i dtlás
Ach saor sinn ó bhás ain-abaidh.
A Mhuire atá lán de thuile na ngrást
Tá an Tiarna a ghrá maille leat
Is beannaithe thú i bhflaitheas idir mhná
Go naofaíor tráth t-ainmse
Is taitneamhach an radharc toradh do bhroinn
Íosa dá roinnt eadrainn
Anois agus riamh in am ár bpian
Go rabhair a Chríost ar seasamh dúinn.