HOME » Programmes » AMHRÁIN IS ANSA LIOM » Guests » Eoiní Maidhcí Ó Súilleabháin
Cúil Aodha native Eoiní Mhaidhcí Ó Súilleabháin sings his favourite songs 'Cuisle mo Chroí', 'Na Táilliúirí', agus 'Abha an tSuláin'.
Cuisle mo Chroí
Do thugas grá cléibh duit, a spéirbhean ó thús,
ó léagas mo shúil ar do bhán-chnis,
Is go mb'fhearr liom ná mórchuid den ór
atá im phúits go mbeifeá sa chúl tigh ag am' mháithrín.
Bheadh do mhachaí breá bó ann romhatsa le crú,
is do leabaigh ghlan chóirithe ó ló agat id rúm,
Chuirfinn búclaí id bhrógaibh, luach coróineach is púnt,
a stóirín, dá dtabharfá do lámh dom.
Ní thabharfainn mo lámh duit go bráth le h-aon chúis,
mar go bhfuil scéala ort ansúd ag am' mháithrín
Go bhfuair sí do thuairisc go suarach ar dtúis
- go n-ólfá do thriús i dtí' 'n tábhairne,
'S gur mhinic do scór ort ó choróin go dtí púnt,
ag caitheamh do stór le mná óga gan chlú,
'S taréis díol le fear ceoil ní bheadh feoirling id phúits,
is an dóigh leat cé thabharfadh bean bhreá dhuit?
Ná creidse na breithre ga go léir atá ar siúl,
mar is annamh mo chuairt go tigh tábhairne,
Tá airgead im' phócaí is mór-chuid de im' thrúnc,
is níor ólas riamh púnt ar aon láthair.
Beidh a mhalairt de ghnó 'gam sa bhFómhar atá chughainn,
ag cur garraithe prátaí 's a' cur stácaí ar a mbonn
Is mo mhachaí 'tá lán de bhuaibh bána
'gus dubha,'s gan éinne á gcrú ach mo mháithrín.
Tá fear siopa in Eochaill is gheobhainn é gan púnt,
is is dóigh liom gurb é siúd ab fhearr liom,
A dhíolfadh as mo mháistreacht don ráithe seo chugainn,
is a dhia nach aige siúd a bheinn im' scoláire.
Ach do thógas í in airde go lána bhí cúng,
ba ghairid 'na dhéidh sin go raibh daor-phuins dá dtabhairt,
Ba mhóide í chun glaoití na éinne sa rúm,
is do dhíol sí go h-umhal as a dtáinig.
Ar maidin amárach le héirigh na drúcht,
do scread sí 's do liú sí ar a máithrín,
Do fhliuch sí a cuid éadaigh le braonacha tiubh,
is do mhóidigh gur chuireas ar fán í.
Sé dúrtsa léi éisteacht is déanamh go ciúin,
go raghainn ag díol eornan go hEochaill na long,
Chuirfinn scataí breá caorach ar an aonach seo chughainn,
is go bpósfainn í i Londain gan spleáchas.
Ó do ritheas an bóthar is an cóngar ar dtús,
is ní bhfuaras in aon chúinne den tsráid é
Go dtánag go suarach fé thuairim a thí,
is bhí ionadh ar na daoine cárbh fhánag.
Dá mhéid mo chuid saothair, ní dúirt sé liom suí,
ná bain díot do chlóca go n-ólfair braon dí,
Ach an seanduine stuacach ar fhuarma 'na shuí,
's gan ruainne 'na phíp ach é a' cnáideach.
Agus cár ghaibh na stácaí bhí timpeall do thí,
nó cár ghaibh do chaoire le n-áireamh
Nó cár ghaibh an eorna bhí in Eochaill le díol,
nó cár ghaibh do bhachiardhubha is bhána?
Ó bhísa chomh baoth sin is déanamh dod' shlí,
imeoidh an méid sin sa spéir leis an ngaoth.
Ní phósfainn lem' shaol thú dá dtéinn ar a' bhflít,
ach mairfidh mé choíche ar mo shnáthaid.
Na Táilliúirí
Tráthnóna Dé Sathairn,'s mé 'stigh i dtigh óil,
Sa chúinne go seascair is piúnt os mo chomhair.
Do tháinig chugam gasra 's do luíodar ar ól,
A' díol is a' glaoch ar na cardibh.
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha 'bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince 'gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.
Sé dúirt an fear críonna, ' an tomhas a chóireodh,
Dá bhfeicfeadh sé duine 'siúl roimis sa ród,
Go gcuirfeadh sé culaith air ó smigín go bróg
Gan farcadh ná feithleog ar fháithim.
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha 'bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince 'gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.
Ní gearánta dhuit a dhuine do labhair an fear óg,
Ach ar tháilliúirí oilte níl meas ar do shórt.
Mura bhfeicfinn sa chúinne don duine ach a chló
Chuirfinn culaith air den bhfaisean is déanaí.
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha 'bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince 'gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.
Sár ar rith liomsa an ghloine a bhí agamsa le n-ól
Bhuail táilliúr na buile le pleannc an fear óg.
Gloiní 'na mbplanntracha, a' titim den mbord
Is tiomáineadh ar buile 'n fear tábhairne.
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha 'bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince 'gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.
D'éiríos im sheasamh chun réitigh, dar ndóigh
Ach dá mhéid mo chuid saothair, bhíos lán d' fhuil shrón.
Ciceanna teanna a bhí ag éirí dom thóin
Is bhí mo loirgne stractha 'gus gearrtha.
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha 'bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince 'gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.
Abha an tSuláin
A shuairc fhile chneasta de ghairm na hÉigse,
D'eascair den tréanfhuil i mBanba dháil.
Ó chúinne Pharnassus cé gur dheacair é éileamh,
Gur raideadar saor dhuitse aiste na mBárd.
Is suairce liom geallaim ná cantaireacht téada,
Gréasa dod shaothar nuair a ghlacaim im' láimh,
Faoi thuairim do theastais, is do tharrach chun téagair,
Ar mhaithimh do ghaolta is ar Abha an tSuláin.
Foinse na habhann ó measaim nach léir duit,
Seo agat gan bhréagnadh go beachtaithe óm' láimh,
A scaoileann do ghlaise ó Chuma na nÉag,
Agus tuille dá réir sin ó Chúm Uí Chluamháin.
Ó thuaidh leat gan casadh tré Mhullach na Ré,
Mar a ritheann sruth caol dubh go bun an chlocháin,
Is mar lua na dTrí bPearsain á dtarrac chun aondacht
Nuair a thagaid le chéile sin Abha an tSuláin.
Abha bhuí bheag an ghleanna go feargach fraochmhar,
A ritheann gan staonadh go Beannaibh na Trá,
Sruth Oileán a Mhadra is Carraig Chinnéide,
Is sruthaibh ina n-éamais ná gcuirfinn im' dhán,
Féach an Abha Gharbh lá clagair is sraonmhar
Ná heasaibh go gléigeal gan casadh ar a sáil,
'S gur thíos i mbun leacan a chailleann sí tréine,
Nuair a chaitheann sí géilleadh do Abha an tSuláin.
Is mín clochar glasrach fairsingeach féarmhar
Fearranaibh taobhaibh na n-abhann sa ráim,
Fá chrainn dhuille ghlasa gan feacadh gan féige,
Le meas ar a ghéagaibh go gcrapaid 'na mbarr,
Bíonn faoilinn ann, seabhaic, mionchreabhair 's naoscaigh.
Sionnaigh 's méith-phoic 's lachainn le fáil,
'S gach linn de go barra bíonn torrach le héiscibh,
Leathan-bhric mhéithe 'gus lathairt bhradán.