Home » Programmes » Amhráin is Ansa Liom » Guests » Joe John Mac Con Iomaire
Joe John Mac Con Iomaire from Cill Chiaráin, Conamara is this week's guest on Amhráin is Ansa Liom. He sings his favourite songs 'An Draighneán Donn', 'Bean an Fhir Rua', 'Bean a' Leanna' agus 'An tAiséirí'.
An Draighneán Donn
Ó is síleann céad bean gur leo fhéin mé nuair a ólaim leann
Téann dhá dtrian síos díom nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom;
Sneachta séidte agus é á shíorchur ar Shliabh Uí Fhloinn
Is go bhfuil mo ghrása mar bhláth na n-áirní ar an Draighneán Donn.
Agus fuair mé féirín lá aonaigh ó bhuachaill deas
Agus céad póg an lá ina dhiaidh sin ó phlúr na bhfear
Lá léan ar an té a déarfadh nach tú mo ghean
Agus ina dhiaidh sin, nach deas mar a d’éalóinn faoi na coillte leat.
Dá mbeinn i mo bhádóir, nár dheas mar a sheolfainn an fharraige anonn.
‘Gus dá mbeinn i m’fhaoileán nach deas d'éireoinn de bharr na dtonn
Bheinnse ag éalú le mo chéadsearc is á fáisceadh liom
Is an lá nach bhfhéadfadh mé bean a bhréagadh, níl an báire liom.
Is nach fear gan chéill a ghabhfadh a’ dréim leis an gclaí a bheadh ard
Nuair a bheadh claí beag íseal lena thaobh sin le go leagfadh sé air a lámh
Cé gur ard é an crann caorthainn ‘gus bíonn sé searbh as a bharr
‘Gus fásann sméara agus bláth sú craobh ar an gcrann is ísle bláth.
Bean an Fhir Rua
Is a bhruinnill gan smál a bhfuil an dealramh deas in do ghrua,
Sé an buachaillín bán a b'fhearr liom seal leat dá lua.
Ní cheillfidh mé ar chách fios m'ábhar is go bhfuil mé faoi ghruaim,
Ach d'ainnneodh feara fáil, sí mo ghrá geal bean an fhir rua.
Is tabhair litir uaim scríofa ó síos go dtí an baile thar cuan
Chuig an gcailín beag caoin a bhfuil an chaortha thrí lasadh 'na grua,
Go scriosfadh sí an Traoi 's tá na mílte fear léi dhá lua,
Ach glac misneach a Bhríd 's ní baolach feasta an fear rua.
Tá crann ins an ngáirdín ar a bhfásann ar duilliúr 's bláth buí,
'S nuair a leagann mé mo láimh air nach láidir nach bpléascann mo chroí.
'Sé a n-iarrfainnse do spás ar an Ard-Rí ón bhFlaitheas anuas,
Ach aon phóigín amháin ‘gus é a fháil ó bhean an fhir rua.
Bean a’ Leanna
Ó ‘gus éirigh i do shuí a bhean a’ leanna
Is ná fan le do chaipín a ghléas’
Nó go dtuga tú dhúinn braon uisce beatha
Nó cárt de do chuid leanna fhéin
Agus beimid ag ól go maidin
Seo sláinte na bhfear uilig go léir
’S nuair a fhágas an mháistreás an baile
Beidh an cailín is deise agam fhéin.
Ó is a Dhia céard a dhéanfas mé amáireach
Nuair a fheicfeas mé mo ghrá a’ dul aniar,
’S gan goir’ agam a theacht ina láthair
Leis an méid a bhí eadrainn ariamh,
Nuair a smaoiním ar a súgradh agus ar a gáire, ’
Is ar a dhá láimhín gheala a bhí fial,
Nach dtiteann mo chroí istigh i ndólás,
Agus goileann mé mórán ina diaidh.
Shiúil mise bograigh agus gleannta
Agus cnoic a bhí géar as a mbarr
Is a lán bealaí eile nach ndéarfainn,
’S gan únsa ar bith céille i mo cheann
Ar thuairisc mo stáidbheainín bhéasaigh
Nach sínfeadh mo thaobh léi go brách.
Is go m’ba chóir dhi bheith ’na codladh taobh thuas díom
Ná a bheith i gCorcaigh dhá uair roimh a’ lá.
An tAiséirí
Is é Íosa an fíréan, a shaothraigh ár n-anam
'S é a rinne muid a cheanacht ón daoirse;
D'fhulaing Sé páis agus bás ar an gcrois
Ag tabhairt sásamh ins na peacaí seo a dhéanann muid.
Agus siúlaigí amach liom sa ngairdín a Pheadair
Tá uaigneas mór ar mo chroísa
Sé ualach na bpeacaí is ciontach le m'uaigneas
Agus fairigí uair liom don oíche seo.
Tá an t-arán seo déanta i d'fhianaise, Pheadair
'S a Pheadair caithfidh tú an t-arán seo;
An té chaitheas an t-arán seo, caithfidh sé mise
Idir fheoil, arán agus dhiachta.
Tá an fíon seo déanta i d'fhianaise, Pheadair
'S a Pheadair caithfidh tú an fíon seo;
An té chaithfeas an fíon seo, caithfidh sé m'fhuilse
Bhí ag tíocht ina braonta as mo chroí-sa.
‘Gus chuaigh na trí Muire ar maidin Dé Domhnaigh
Go leigheasfaidís créachtaí Íosa;
Chuartaíodar an tuama thar timpeall le ballaí
Ach ní bhfuaireadar aon amharc ar Íosa.
Agus Alleluia Alleluia Alleluia
Má mhaslaítear an cholainn ní baolach dár n-anam
Ach ná séanaigí m'ainm-se choíche.