Home » Programmes » Amhráin is Ansa Liom » Guests » Lillis Ó Laoire
Lillis Ó Laoire from Gaoth Dobhair will be singing this week. He sings his favourite songs, 'Coinnleach Glas an Fhómhair', 'Bádaí na dTrí Seol', 'Úna Bheag na hÁite', and 'Caoineadh na dTrí Muire'.
Bádaí na dTrí Seol
Anocht is mé ag meabhrú liom thart siar fán Ghaineamh Mór
Ar na curaigh is ar na rámhaí, ar na bádaí is ar na seoil
A Rí nár mhéanair dá bhfeicfinnse iad ag dul síos an Camas Mór
Is an fhoireann ag teannadh an éadaigh orthu is ag cur sprait insa tseol mhór.
Nár dheas dá bhfeicfeas muid na bádaí seo arís ag teacht anoir ag Uamhaigh an Toir Mhóir
Cuid eile acu ag Carraig an Mhullacháin is iad istigh in imeall an chúir
Fear na binne ag Ulaidh Mhórada is a bhairéad go hard ina láimh
Na scadáin ag déanamh srutha is iad istigh ag an Bhoilg Bhán.
Nár dheas dá bhfeicfeas muid na bádaí seo arís agus iad faoi trí seoil
Fear na stiúrach is an scód ar a ghlúin aige is é ag amharc amach faoin tseol
Na two pins ar thaobh an fhoscaidh is iad ag cur na farraige go hard
Is fear eile i bpoll an taomtha is an capán ina láimh.
Nach iomaí sin lá breá garbh a bhí muid ag tarraingt ar tír mór
Le jib is le seol tosaigh is le cos déanta den tseol mhór
Bhí an Corrán ar ghob an Iarthair againn is an ghaoth ag éirí ard
Is muid ag dréim le dhuil an Clochán ach bhí an fharraige rómhór.
Le smaointiú ar an tsaol atá ann anois, tá an t-am i bhfad níos fearr
Níl bád le cur síos ná aníos againn ná curach le cur ar snámh
Níl bairneach le baint de chloch againn tá an t-iasc sna siopaí le fáil
Níl móin le tabhairt as tír mór againn, tá an gual níos fusa a fháil.
Ach caithfimid smaointiú ar na fir seo anois mar go bhfuil siad uilig ar lár
Nach iomaí sin lá mór fada chaith siad amuigh ar an aibhléis mhór
Ag roiseadh is ag cornadh le sruth líonta agus le sruth trá
Tá súil as Rí na nGrást agam go bhfuil áit acu níos fearr.
Connlaigh Ghlas an Fhómhair
Ar Chonnlaigh Ghlais an Fhómhair a stóirín gur dhearc mé uaim
Ba deas do chos i mbróig is ba ródheas do leagan siúil
Do ghrua ar dhath na rósaí is do chuirlíní bhí fite dlúith
Monuar gan sinn ár bpósadh ná ar bord loinge ag triall chun siúil.
Tá buachaillí na háite seo ag athrach is ag éirí teann
Is tá locht na gcocaí arda a’ déanamh fárais do mo chailín donn
Dá ngluaisfeadh Rí na Spáinne thar sáile is a shlóite cruinn
Arú bhrúifinn féar is fásach is bheinn ar láimh le mo chailín donn.
Gura slán don bhliain anuraidh ní raibh brón orainn ‘na déidh ná cumhaidh
Níor ordaigh Dia ná duine dúinn fideal a bheith againn ná cláirseach cheoil
Bhí cuach bheag as Gleann Muilinn ann is ceann beag eile as Contae an Dúin
Sí an ainnir a thug buaidh uilig orthu sí an óigbean í a bhain díom mo chiall.
Ceannach buaibh ar aontaí dá mbínn féin is mo chailín donn
Gluais is tar a chéad searc nó go dté muid thar Ghaoth Beara anonn
Go scartar óna chéile barr na gcraobh is an eala ón toinn.
Ní scarfar sinn ó chéile is níl ach baois ann daoibh á chur in bhur gceann.
Úna Bheag na hÁite
An dream sin a mbíonn an ball orthu nach beag a thig anall acu
Tá an baile seo gan cheannphort ó d’imigh Éamonn Óg
Bhí Éamonn Óg is na haicsean ann is bhí Bonaparte ‘na sheasamh ann
Ar an quarterdeck ina sheasamh bhí sé i lár an Bhriste Mhóir.
Úna Bheag na háite nach tú a fuair cliú agus áireamh
An lá sin in Rath Mealltáin ag aonach na Féil’ Eoin
Scilling is punt de dh'airnéis a fuair tú in do láimh dheis
Le cois an ghiní ghallta agus cárta le hól.
An mac sin Liam na Carraige nár umhlaigh riamh do fhear ar bith
In Éirinn ná in Albain ná in Sasain ó lár
Cabhlach mór na Fraince a bheas ag dúil le grandeur
Agus gurb é déarfadh ‘ach uile cheannphort, “Let down the collar mór”.
Tá eala ar chaol na tráighe ag gabháil thart sáile amárach
‘Na Fraince nó ‘na Spáinne nó go Pairlimint an Rí
Tá Úna a’ gabháil thar sáile teacht na Féile Pádraig
Go scríobhaí sí don Bhanríon, “I will make you tea”.
Caoineadh na dTrí Muire
Tháinig na Trí Mhuire leis na trí scread chráití
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Goitsigí a dhá Mhuire nó go gcuidí sibh mo leanbh a chaoineadh
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Níl a dhath le caoineadh againn mura gcaoine muid a chnámha
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Caoinfidh mé féin é is agam atá an t-ábhar
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Tá a cheann gearrtha is a bhéal ó briste
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Tá an tsráid seo uilig lán dá chuid fola
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Bé seo mo leanbh a gineadh insa Mhárta
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Bé seo mo leanbh a d’iompair mé trí ráithe
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Bé seo mo leanbh a tháinig chun tsaoil insa stábla
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Gabhadh duine agaibh ‘na ceárta a dhéanamh na dtáirní
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Táirní maola is bíodh siad láidir
Och, och ‘gus mo bhrón go deo
Tógaigí libh i dteach dhorcha go lá é
Fágaigí síos é síos in ucht a mháithrín.
Och, och ‘gus mo bhrón go deo.