HOME » Programmes » AMHRÁIN IS ANSA LIOM » Guests » Mairéad Mhic Dhonncha
Mairéad Mhic Dhonncha, originally from Corca Dhuibhne but who now lives in Ráth Chairn is this week's guest on Amhráin is Ansa Liom. She sings her favourite songs 'Oileán Dhún an Óir', 'Táimse ar an mbaile seo', 'Táim sínte ar do Thuama'.
Oileán Dhún an Óir
Is buachaillín óg mé atá i bhfad i bhfad i gcéin,
Is mo mhuintirse a d'fhágas fán iomarca péin
Táim'se tinn tuirseach lag tnáite faoi bhrón,
Ó d'fhágas an Baile atá le h'ais Dhún an Óir.
Ó is nárbh aoibhinn is nárbh aerach an saol úd fadó
Nuair a bhímis ag iascach lena chéile sa bhFómhar.
Mórthimpeall Binn Dhiarmada is le taobh Faill na mBó.
Ins an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.
Is céad slán chugat a Ard na Caithne cé gur fada mé uait
Is chun muintir an Fhearainn mo ghrá iad go mór.
Chun gach sár-fhear is cailín a d'fhágas i mo dheoidh
In san mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.
Ó is nach deas iad na fir ann, is ró-dheas iad na mná.
Is bíonn siad ag rince le hais an Bhéil Bháin,
An cnagaire ag seimint ann, le binn-ghuth an cheoil,
Ins an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.
An té a éireódh ann ar maidin is an drúcht ar an bhféar,
Ba dhóigh leat gurbh é gairdín Phárthais é,
Agus bláth bán na bprátaí is an choirce sa bhfómhar,
A fhásann sa mbaile atá le hais Dhún an Óir.
Iarraimse ar Íosa is ar Rí mhór na nGrást,
Is ar na haingle eile a chónaíonn go hard,
Mé a thabhairt seal aríst mar a mbinnse fadó.
Go dtí an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.
Táimse ar an mBaile Seo
Is táimse ar an mbaile seo le bliain agus trí lá
Is dá mbeadh a fhios aige mo mhuintir, ní chodlóidís go sámh.
Dochtúirí na Fraince ní leigheasfaidís mo ghearán.
Go dtiocfaidh péarla an chúil chraobhaigh.
Is go mbéarfaidh sí ar mo láimh.
Is Dé Domhnaigh, Dé Domhnaigh sea deineadh mise a chreachadh.
Go ceanglaíodh mo stóirín gan orlach dem’ chead.
Dá mbeinnse suite i gcúinne an tí is grá mo chroí le m'ais.
Ó is nach gleoite deas mar a sheolfaimis na dúthaigh i bhfad amach.
Is tá mo mhuintir de shíor á rá go gcaithfeadsa dul anonn.
Ach iarraimse ar Mhuire is ar Íosa nach bhfaighe siad bád ná long.
Dá mbeinnse amuigh ins an oíche faoi dhuilliúr glas na gcrann.
Ó is a Dhia dhílis nárbh aoibhinn dom is grá mo chroí a bheith ann.
Is dá mbeadh boiscín snaoise agam do dhéanfainn sult is greann.
Nó píopaín fhada dhíreach is tobac le cur ina ceann.
Neilí Bán ar leaba liom is piliúr faoina ceann
Is go n-éalódh lucht na mbuataisí lena cúilín ghrámhar donn.
‘Gus Neilí ó le m-anam tú ‘gus Neilí ó le mo chroí.
An dtiocfása liomsa go bun an ghleanntáin fraoigh
Do thabharfainn radharc ar chuanta dhuit is ar bhailte móra groí.
Is cead a bheith i gcóistí agat ar bhóthar leis an Rí.
Táim Sínte ar do Thuama
Táim sínte ar do thuama agus gheobhair ann de shíor mé.
Dá mbeadh barra do dhá láimh agam, ní scarfainn leat choíche.
A phlúirín is an tsearc sé ann domsa luí leat.
Mar tá boladh fuar na cré uait, dath na gréine is na gaoithe.
Is nuair is dóigh le mo mhuintir go mbímse ar mo leabaigh.
Is ar do thuama sea a bhím sínte ó oíche go maidin.
Ag cur síos ar mo chruatan is ag cruaghol go daingean.
Sí mo chailín chiúin, stuama do ghluais liom ina leanbh.
Is tá na sagairt is na bráithre gach lá liomsa i bhfearg.
D'fhonn a bheith i ngrá leat a stórmhnaoi is tú marbh.
Dhéanfainn foithnín ón ngaoth duit, is díon díot ón bhfearthainn.
Agus brón ar mo chroíse tú a bheith thíos ins an talamh.
Is an gcuimhin leatsa an oíche úd a bhíosa agus tusa.
Fé bhun an chrann draighnigh, is bhí an oíche ag cur cuisne.
Céad moladh le hÍosa nár dheineamar an milleadh.
Is go bhfuil an choróin Mhaighdein mar chrann soilse inár gcoinne.
Is tabhair mo mhallacht dod’ mháithrín is ní áirímse d'athair.
Is a maireann de do chairde gach lá faid a mhaireann.
Nár lig dom tú a phósadh is tú beo agam i do bheathaigh
Mar nach n-iarrfainn mar spré leat ach luí leat sa leabaigh.
Is tá brón ar mo chroíse atá líonta le grá dhuit.
Is an londubh taobh thíos dó atá chomh dubh leis na háirne.
Sara dtiocfaidh aon ní orm is go gcloífidh an bás mé
Ó béadsa i mo shí gaoithe romhat thíos ar na bántaibh.