HOME » Programmes » AMHRÁIN IS ANSA LIOM » Guests » Nan Tom Teaimín de Búrca
Nan Tom Teaimín, a former winner of Corn Uí Riada, from Conamara is this week's guest on Amhráin is Ansa Liom. She sings her favourite songs ‘Amhrán Mhuínse’, ‘Amhrán an Stímear’ and ‘Bríd Thomáis Mhurchadha’.
Amhrán Mhuínse
Dá mbeinn trí léig i bhfarraige nó ar shléibhte i bhfad ó thír
Is gan aon neach beo i mo ghaobhar ach an raithneach glas is fraoch
An sneachta á shéideadh anuas orm, is an ghaoth dhá fhuadach díom
Ach mé a bheith ag comhrá le mo Taimín Bán, is níorbh fhada liom an oíche.
Is a Mhuire dhílis céard a dhéanfas mé tá an Geimhreadh seo a’ tíocht fuar
A Mhuire dhílis céard a dhéanfas an teach seo is a bhfuil ann
Dá mba thusa fhéin a d’imeódh agus mise fanacht beo
Nach gcóireoinn do chuid clainne dhuit d’oíche ‘gus de ló.
Is gearraigí' amach mo chónra dhom as fíor scoth gheal na gclár
Is má tá Seán Ó hEidhin beo i Muínis bíodh sí déanta óna láimh,
Bíodh mo chaipín is mo ribín geal orm is iad go ró dheas ar mo cheann,
Is tabharfaidh Páidín Mór go Muínis mé nó is garbh a bhéas an lá.
Is dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam an oíche a bhfaighfainnse bás
Nach dtórróidís go fiúntach mé trí oíche ‘gus trí lá.
Bheadh píopaí fada cailce acu, na ceaigeannaí is iad lán
Is beidh triúr ban óg ó shléibhte a’m le mé a chaoineadh os cionn cláir.
Ag dul siar le hInse Ghainimh dhúinn, beidh an fharraige ag éirí ard
Ná cuiridhi Leitir Caladh mé, mar is ann nach bhfuil mo dhream
Ach cuirigí thiar i Muínis mé áit a gcaoinfear mé go hard,
Beidh soilse ar na dumhchannaí 's ní bheidh uaigneas orm ann.
Amhrán an Stímear
Tá scéal a’m le n-aithris nó an gcuala sibh cheana é
A tharla Ie gairid san áit seo,
'Gus níl aon am agamsa len í a inseacht ar fad díbh.
Nó go dtaga an oíche fhada san áirneán.
Faoin Stímear atá tagtha Cill Chiaráin le seachtain,
Is dócha gurbh é an mí-ádh chas ann í,
Tá an baile thrí lasadh ó oíche go maidin,
Is níl tada ann ach ceol is pléaráca.
Ó d’fhága mé an baile tráthnóna lá cheana
Mar is minic mé ag imeacht go fánach.
Ó casadh isteach mé Tigh Mhac Bheairtle Bhreathnaigh
'Gus shíl mé nach b'fhágfainn go brách é.
Dheamhan fear bean ná gasúr ó Charna go Casla.
Ná raibh cruinnithe ina seasamh ar an tsráid ann
Bhí an mata ar an teallach gan hata ná caipín
‘Gus baithis chomh maol air leis an bpláta.
Ó rinne mé mo bhealach isteach go dtí an tairseach
Tháinig Colm is chuir sé romham fáilte
‘Séard dúirt sé bí ag damhsa ó casadh an bealach thú
Ní ghabhfaidh tusa siar go dtí amárach.
Is ní bréaga ná magadh nach bhfuil cailíní deasa,
Ó Chill Chiaráin is anoir ó Choill Sáile
Níl aon aird ar aon fhear ach ar Mhac an Chaiptín
Is ag fiafraí cé a’inn bean is fearr leis.
Is a bhuachaillí an bhaile nach dona an scéal agaibh
Lá a dtáinig na Scotties thar sáile
Mar níl aon bhlas agaibh ach ina seasamh le ballaí
Is na saelaeraí ag cúinneáil is ag gáire.
Ní hé sin an ceapadh a bhí ag fir óg an bhaile
Gur b’shin é an chaoi a bhfágadh na mná iad
A thabharfadh amach iad le fágáil sa mbaile,
Is go n-éalódh sí amach as a lámha.
Tá na mná seo an-chleasta níl fear dár fháisc bairiall
Nár imir siad cleas luath nó mall air,
Mar chinn siad cheana ar Aristotle
Thug sé a sheacht míle mallacht go brách dhóibh.
Is a chailíní deasa ná glacaigí fearg
Mar gheall ar an méid atá ráite a’m
Mar níl aon bhean agaibh nach mbeidh ina baintreach
Nuair a bheidh deireadh na feamainne meáite.
Bríd Thomáis Mhurchadha
'Gus a Bhríd Thomáis Mhurchadha tuig feasta nach súgradh é,
Ó thug mo chroí gean duit ar a mhalairt ná diúltaigh mé,
Ó shíl tú mé a mhealladh le bladar deas ciúin do bhéil
Is go dtug mise gean dhuit seachas cailíní deasa an tsaoil.
‘Gus a Bhideach na gcarad ó molaimse an barr leat fhéin
Ar ghile ar fhinne ar dheiseacht agus áille méin
Do chúilín deas triopallach a bhí fite ina trisleáin óir
Is an té a bheadh gan amharc go dtabharfadh sé soilse dhó.
‘Gus rachad go Gaillimh nó go gceannóidh mé gáirdín úll,
Agus loingis ar farraige le í ‘ bheith ag déanamh spóirt.
Ag filliúint ó Shligeach dhom ‘gus leide bheag a fháil don chóir,
‘Gus dheamhan a gcónóinn faoi bhealach nó go mblaisfinn de phóg Bhideoig.
Má bhí mise folamh, is ar m’fhocal gur mhór a scéal,
‘Gus a liachtaí bean deas a thug taitneamh do ghlór mo bhéil.
Is dhá mbeadh sé ag cur sheaca, a’ cur shneachta as chuile cheard den spéir,
Ach tusa ’ bheith i m’aice, dheamhain an aireoinnse buaireamh an tsaoil.
’S a aonmhac Mhuire a chuir an cuileann thríd an b’fhéar a’ fás,
Is nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na ngéag le grá
Má tá sé inár gcinniúint nach féidir dhúinn a chéile a fháil,
Bí tusa in do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.