HOME » Programmes » AMHRÁIN IS ANSA LIOM » Guests » Neil Ní Chroinín

Nell Ní Chróinín from the Cork Gaeltacht of Béal Átha an Ghaorthaidh is this week's guest, singing 'An Lacha Bhacach', 'Cath Chéim an Fhia', 'Seán 's a bhríste leathair' and 'Táimse agus Máire'.

An Lacha Bhacach

A chréatúirín leóinte is brón liom do dhreach
Im' choinnibh sa phóirse is tú breoite tinn salach
Do sciatháin ba ró-dheas ag sileadh sa lóib leat
`S do lapa beag gleoite dár ndóigh na dhá leath.

Curfá:

Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Dideli de dom dó de dee am de dom dom
Do sciatháin ba ró-dheas ag sileadh sa lóib leat
`S do lapa beag gleoite dár ndóigh na dhá leath.

An t-asal is dócha a thug to le speach.
Is greadash go deo air ba mhór é a theaspach
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air
Is ceangal naoi ló air cois teorainn na staic.

Curfá:

Tar liomsa láithreach thar tairsigh isteach
Is fan ann go soláthraid duit cláirín is ceart
Déanfaidh cliath dhaingean d’háisceadh ar bhriseadh do chnáimhín
Is snaimhigh naoi lá é is beir sásta go maith.

Curfá:

Tar liomsa im’ dhóid chun go dtomhaisfead do chneá
Is ná bí chomh glórach ní ceol do bhac bhac
Idir bhriseadh `gus leonadh tá ainnise mhór ort
Is is céasadh san domhsa mo lacha bhacach.

Curfá:

Cad a dhéanfad amáireach is cás liom a mheas
Gan an t-ubh gorm bhreá mar ba ghnáth chun briceasta
Is easnamh dom shláinte an bascadhsa tá ort
Ach oighne ‘sé is fearr air mo lacha bhacach.

Curfá:

Stopadh lochán duit go snáimhfhinn amach
‘Sé an t’iochluibh is fearr é do lacha bhacach
Beirse i gcionn spáis bhig a’crothadh sciatháin ann
Is roimh tosach an Mhárta ag ardú bhac bhac.

Share |
TG4 is not responsible for the content of external websites