HOME » Programmes » AMHRÁIN IS ANSA LIOM » Guests » Nollaig Ní Laoire
This year's winner of Corn Uí Riada Nollaig Ní Laoire is in studio singing her favourite sean-nós songs ‘Amhrán Mhuínse’, ‘An tIolrach Mór’, and ‘An Gabha Ceártan’.
Amhrán Mhuínse
Dá mbeinn trí léig i bhfarraige
nó i sléibhte i bhfad ó thír,
Gan aon neach beo i mo ghaobhar
ach an raithneach glas is fraoch,
An sneachta dhá shéideadh ó thuaidh
's ó dheas 's an ghaoth dhá fhuadach dhíom,
Is mé bheith a' comhrá le mo Taimín Bán
's níorbh fhada liom an oíche.
Is a Mhuire dhílis céard a dhéanfas mé
tá an geimhreadh seo tíocht fuar
Is a Mhuire dhílis céard a dhéanfas
an teach seo 's a bhfuil ann
'S nach é an trua anois mé bheith
ag scarúint libh ar theacht na huaire bhreá
's nuair a bhéas an chuach
ag goiriúint is an duilliúr glas ag fás.
Agus gearraidh amach mo chónra dhom
as fhíorscoth geal na gcláir,
Is má tá Seán Ó hEidhin i Muínis
bíodh sí déanta óna láimh,
Cuiridh mo hata 's mo ribín síoda orm
's iad go rí-dheas ar mo cheann,
Agus triúr ban óg ón tsléibhe
le mé a chaoineadh os cionn cláir.
Is má bhíonn mo chlann sa mbaile a'm
an oíche bhfaighidh mé bás,
Go dtorróidís go groíúil mé trí oíche 'gus trí lá,
Bíodh na píopaí fada cailce acu
'gus ceaganna 's iad lán,
'S tabharfaidh Páidín Mór go Muínis mé
nó is olc a bhéas an lá.
'S ag gabháil siar go Inse Ghainimh dhom
beidh farraigí ag éirí ard,
Ná cuiridh i Leitir Caladh mé mar ní ann atá mo dhream,
Ach tugaidh siar go Muínis mé
áit a gcaoinfear mé go breá
Is beidh soilsí ar na dumhchannaí
is ní bheidh uaigneas orm ann.
An tIolrach Mór
Ó d'éirigh mé go feargach
ar maidin moch Dé Domhnaigh
Chuir mé orm mo bhróga
is mé ag goil go Tír an Fhia,
Ag gabháil thrí Ghleann an Duine Mhairbh dhom
sea casadh an tIolrach Mór orm,
Is ba gheall le dúchán móna é go pramaí ina shuí,
Ó ghlaoigh mé straoill is strachaille air,
amadán is óinseach,
De chineál Bhriain Mac Lóbhais de phór Chathail Bhuí,
Sin agus mo sheacht mallacht
go bhfeara sé go deo air,
A thug mo choileach óg uaim
a ligfeadh dhom a ghlao.
"Gabh do chiall i gceart chugat
is ná maslaigh mé ar an nós sin,
Dár mo mhionna is dar mo mhóide,
ní thógfainn ort aon dlí,
Níor mhór liom a bheith de bhrabach ort
i dteach na dtroscadh dóite
Mar is duine thú bhí fóintinneach i gcónaí de fhear slí.
Fill is téir abhaile is fiafraigh féin de Nóra é,
Cén t-ainm a bhí ar an ógmhnaoi
a bhí ag scóladh a chinn,
An clúmhach a bhí ar a
leasrachaí sa teallach acu dóite,
D'itheadar i gcomhar é
is dheamhan mórán a bhí buíoch."
"An fhaid is mhair na Fianna a'm
sa ba deas an buachaill óg mé
Níor bhradaíl a bhínn á fhoghlaim
ach i gcónaí ag cur draíocht,
Ag imirt lúth is gaisce
crua-charraíocht agus comhraic,
Gur fágadh mé ar an nós seo,
mo chreach agus mo dhíth!
Tá roinn de na húdair agamsa
nár aithris mé go fóill dhuit"
Nuair a chuala sé na glórtha
thit na deora uaidh síos:
"Gheobhfaidh tú amach sa tseanchas
gur mac don Dearg Mhór mé,
Is más troid atá tú a thóraíocht,
seas romham is ní bheir buíoch."
Ghléas sé a chulaith ghaisce air,
a chuid airm agus éadaigh,
A chlaíomh aige ba ghéire dá mb'fhéidir a fháil,
Mise agus mo speal agam
gan falach ach mo léine
Gur ionsaíomar a chéile go dianmhoch sa lá.
D'fheicfeá tínte cneasa a bhí na hairm a bhaint as a chéile,
Agus leathuair roimh an ngréin
a dhul faoi b'éigean dó a rá,
Ba gheall le dhá tharbh sin
na foirseadh i ngleann sléibhe.
Is dheamhan fios againn araon
cérbh é an fear ab fhearr.
An Gabha Ceártan
Agus chaith mé bliain is ráithe
i mo ghabha ceártan i gCúige Laighean,
Agus tuairisc mo ghrá ní bhfuair mé
nó go dtáinig mé ar m'ais arís,
Tá an saol seo ar fad cráite 's
ní áirím mo mhuintir fhéin,
Is ar an gcnoc úd thall tá m'áras
is ar an bPápa ní cheillfead é.
Agus soir atá mo tharraingt
agus is fada uaimse grá mo chroí,
'S a ghiolla an chúilín phéacaigh
'do dhiaidhse ní mhairfead beo.
Mar tharraing tú milleán mór orm
's a stóirín is níor mhaith leat é,
Is naoi n-uaire b'fhearr liom pósta leat
go mór-mhór ná bheith i bhflaitheas Dé.
Agus tuige nach dtagann tú a ghrá gheal
is mé fháil uaidh mo mhuintir fhéin,
Is tuige nach dtagann tú lá éicint
is mé fháil uathu uilig go léir,
Mara mbeidís sásta leis an gcás sin
is é a fheiceáil réidh,
Ó déanaidh cónra chláir dhom
agus fágai' mé go domhain i gcré.
Agus marach m'intinn dána
gheobhainn áras ó mo mhuintir fhéin,
Ba agus caoirigh bána agus páirceanna
lena gcur chun féir,
Codladh fada Samhraidh agus cead greann
a bheith dhá gcaitheamh léi'
Is le mo ghrá dhá bhfaighinn cead síneadh
bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar chuan.
Agus an gcualaís nó
an bfuairís scéal cráite anuas le mí,
Thart thrí oileán uaigneach
nó anuas arís thrí thaltaí fraoigh.
Ní raibh suim ar bith i do ghlór a'am
ach dólás mór gur ag magadh a bhíos
Ach tá mé óg go leor fós agus
beidh cead spóirt a'm sa i mbaile éicint.