Home » Programmes » Amhráin is Ansa Liom » Guests » Nollaig Nic Aindriú

Nollaig Nic Aindriú from Castlebar sings her favourtie songs ‘Baile an Róba’, ‘Amhrán Bríd Ní Mháille’ and ‘Dónall Óg’.

Baile an Róba

I mBaile an Róba bhíos seal 'mo chonaí is táim faoi dhólas anois le mí
Ag cuimhneamh i gcónaí ar bhláth na hóige, a grua mar rósa is a béilín binn
Bím gach Domhnach ag seinm cheoil dí, a' súil 's go seolfadh Dia mo bhealach í
Ach arís tráthnóna, ó bím go brónach ag smaoineamh ar chomhrá mo chailín fionn.

Ó bean is fiche bhí seal i ngrá liom ach i lán na sráide níor chuir mé suim
Nó go dtáinig an ainnir a bhí múinte mánla is gur thríd an bhfáinne go gcuirfeá í
Bhí culaith gheal uirthi den síoda ab' áille 's bhí an mhil dá fáisceadh as gruaig a cinn
's gur bí mo ghrá-sa an mhaighdean mhánla a d'fhág mé cráite le mo shaol.

Sheas an ainnir seal beag taobh liom mar bhí sí caoithiúil 's ba deas a méin
Ba ró-dheas a pearsa 's a seasamh díreach a com go caol deas is mheall sí mé
Sí ba deise is ba chiúine gáire, dá bhfaca súil aon fhear go fóill
Is a chúr na toinne is a bhláth na n-úlla má dhéanann tú mé dhiúltú ní bheidh mé beo.

Chuaigh mé 'un seanchais le fear den chomharsan ó cérbh í an óig-bhean 'bhí romham sa tslí
Is dúirt sé liomsa gur cailín cóir í agus bean ní b'áille nach raibh sa tír
Tá brainse mór inti de fhuil na bhFianna 's g'aon mhianach mór dá bhfuil sa tír
Sé a h-ainm baiste ó Máirín Seoighe is tá fearaibh Fódhla ar fad 'na diaidh.

Share |
TG4 is not responsible for the content of external websites