HOME » Programmes » AMHRÁIN IS ANSA LIOM » Guests » Peadar Ó Ceannabháin
Peadar Ó Ceannabháin from Conamara sings his favourtie songs 'An Frag', 'Bruach na Carraige Léith', and 'Máire Ní Eidhin'.
An Frag
Aréir tháinig triúr isteach agam le titim cheo na hoíche,
'Gus d'fhiafraíodar théis beannú dhóibh: 'An bhfaca tú an bhean sí?
Mar siúd í a ruaig as baile muid 'sa ghiorrós lena saol
'S ní bheidh beo a bhfuil romhainn go maidin má thagann sí 'un a' tí.'
'S níorbh fhada nó go gcuala muid an siúl isteach sa tsráid,
'S a chomharsanaí na gcarad, nach muid a bhí sa ngábh,
Bhí claíomh faoina hascaill is fallaing ar a bráid,
'S ar nós chuile ghaiscíoch bhí sciath chosanta ina láimh.
Beidh caint is cáil aríst go brách ar throid na hoíche aréir,
Mar níl aon áit abhus ná thall nach léifear ann an scéal,
Nár mhór i gceist Cath na bPunann nó an troid a bhí i mBearna an Dúin,
Ach níor thada é do na cearrbhachaí ag iarraidh an taisí a chur ar gcúl.
'S chuaigh an troid 'un cinn i dtús na hoíche is ceathrar a'inn a bhí ann,
Ar fud an tí ó thaobh go taobh, anonn agus anall.
Ag iarraidh í a chloí le spreac ná brí, ní raibh aon mhaith dhúinn ann,
Ach a bhfuil sa ríocht is bídís cruinn ní chuirfeadh í ar lár.
Níl fear ar bith dá bharrúlaí dár tógadh ariamh san áit,
A bhfaigheadh sí barróg faoi bharreasnachaí nach gcuirfeadh sí air breall;
Lena fiacla fada fuara stróic sí an ghruaig anuas dá gceann,
'S níl iarraidh ar bith dá mbuaileadh sí nach dtéadh sí go dtí an chnámh.
Ach saol fada go bhfaighe an Flathartach, go brách ná raibh sé tinn,
Mar níl aon uair dá spreagainn é nach neartaíodh sé dhá dtrian;
An uair a bhínnse leagtha is an taisí as mo chionn
Gur le neart a lúth is a ghaisce, bhí sé in ann í a chur as greim.
Ach d'imigh sí mar a tháinig sí is d'fhág sí muide tinn,
Is an chuid againn nach bhfuil bacach d'fhág sí an arraing ina dhroim,
Ach tá mé cinnte dearfa is cér miste liom é a rá
Gurb é fear na maighdine mara é is é gléasta in éadach mná.
Bruach na Carra Léithe
Óra, éirigh 'gus cuir fál ar an bpáirc a raibh tú aréir;
Má théann na ba sa bhfásach nach fánach ar an bhféar;
Tá crann i lár na páirce ar a bhfásann air bláth séin,
Más fíor gur chríon an bláth air go brách ní fhásfaidh sé.
'Gus chuala mise a Bhideoigín go raibh do chleamhnas réidh
Le Búrcach as Bun Dorcha, go deimhin ní maith liom é;
Grá mo chroí ó thaobh go taobh thú, a stóirín fan a'm féin
Mar níl aige ach siopa dramanacht ar bhruach na Carra Léith'.
'S go dtaga an tuile bháite ar na gamhna a chuaigh sa bhféar,
Is chuile ghalra báis ar a gcuid máithreacha dá réir;
As sin 's chuile chlampar ort, a stóirín gheal mo chléibh,
An rud a d'eitigh tú nár fhaighe tú, fear sásta ar feadh do shaoil.
Ar ndóigh, b'fhacthas domsa go mb'áille thú ná an ghealach is ná an ghrian,
Ach ní mar siúd a bhí tú ach i do scáile is tú i bhfad uaim;
An té a thógfadh suas ar láimh mé go pálás geal an rí
Nach sa gclúid a mbeadh mo ghrása ann ab áil liomsa suí.
Máire Ní Eidhin
Ag gabháil 'un an Aifrinn dom le toil na nGrásta
bhí an lá ag báisteach is d'athraigh gaoth
Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain
is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi
Labhair mé léi go múinte mánla
is de réir a cáilíocht sea d'fhreagair sí
Séard a dúirt sí: 'Raiftearaí, tá m'intinn sásta
ach gluais go lá liom go Baile Uí Lí.'
Nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde é
ach rinne mé gáire is gheit mo chroí,
Ní raibh le dhuil againn ach trasna páirce
níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí
Leag sí anuas bord a raibh gloine is cárt air
is a cúilín fáinneach le m'ais ina suí
Séard dúirt sí: 'Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte
tá an siléar láidir againn i mBaile Uí Lí.'
'Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach
is deise méin 'gus is áille gnaoi
Míle cléireach a dhuil in éineacht
trian a tréathra ní fhéadfadh scríobh
Bhuail sí Deirdre le breáichte is Véineas
dá n-abraínn Héilean ler scriosadh an Traoi
Seo'd í an chraobh is cé a d'iarrfadh a héileamh
ar an bpabhsae gléigeal 'tá i mBaile Uí Lí.
Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
is tú ag féachaint síos uait ar Bhaile Uí Lí
Ag siúl na ngleannta ag baint cnó is sméara
's ceiliúr éan ann mar na ceolta sí
Níl brí sa méid sin dá bhfaigheá léargas
ar bhláth na gcraobh 'tá lena thaobh
Níl maith dá shéanadh níos faide ar aon neach,
a spéir na gréine, is tú grá mo chroí.
Dá siúlfá Sasana is an Fhrainc thré chéile
an Spáinn an Ghréig is ar ais aríst
Ó bhruach Loch Gréine go béal Loch Éirne
is ní fheicfeá féirín ar bith mar í.
A grua thrí lasadh is a malaí caola
a haghaidh dá réir is a béal tais mín
Scoth ban Éireann, is as ucht an scéil sin
a thug mé an chraobh duit i mBaile Uí Lí.
A réalt an tsolais, is a ghrian bhreá an fhómhair,
a chúilín ómra, a mheall mo chroí
Siúil ar uaigneas liom go ndéanam comhairle
faoi choinne an Domhnaigh cá mbeidh ár suí
Níor mhór liom ceol duit gach aon tráthnóna
puins ar bord is dá n-óltá fíon
Ach a Rí na Glóire, go dtriomaí an bóthar
is go bhfágha mé an t-eolas ar ais aríst.