HOME » Programmes » AMHRÁIN IS ANSA LIOM » Guests » Róisín Elsafty
Róisín Elsafty is the first guest in this new series. She sings her favourite songs, 'Eleanór a Rún', 'Casadh an tSúgáin', and 'Mo Cheallachaín Fionn'.
Casadh an tSúgáin
’Gus thíos i Sligeach a chuir mise eolas ar na mná,
’Gus thiar insan mbaile seo a d’ól mé leo mo sháith,
Ar bhrí mo mhaide mura stopa sibhse feasta amhlaidh seal mar atá,
Go n-imreoidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.
’Gus d’imir mise cleas i dTigh Mhac Uí Dhomhnaill aréir,
’S an tarna cleas sa teach a bhí go dlúth lena thaobh,
’S an tríú cleas, cén mhaith dhomsa a chur i bhfad eile i scéal?
Chuir an chailleach amach mé le casadh an tsúgáinín féir.
’Gus cé’n cat mara a chas isteach ins an áit seo mé?
‘Gus a liachtaí bean óg sa mbaile a d’fhág mé i mo dhiaidh?
Mar gheall ar throid is ar bhruíon is ar rud nár shantaigh mé
Muise, seanbhó bhreac ’gus óinseach caillí a bhí gan chéill.
’Gus chuirfinn ’gus threabhfainn ’gus chraithfinnse síol go domhain sa gcré,
’Gus sheolfainnse ba san áit is airde a bhfásann féar,
Chuirfinn crú ar an each is lúfaire, is corraí’ is airde a chaithfeadh léim,
’S nach bpósfaidh bean le fear nach ndéanfadh an méid sin fhéin?
’Gus tháinig mise isteach i dteach dhá uairín roimh an lá,
Bhí bean óg ar meisce ann is cúl a cinn fúithi ar chlár,
Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal, uasal ná go hard,
Nó gur chuir mé cois lena cois agus bhogamar an súistín bog bán.
’S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar a phógfaí a bhéal?
’Gus an cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a sheolfaí é?
Tá iníon na caillí stoithnithe, gliobaithe, cataithe, pioctha, pósta ó aréir,
’S tá mo ghrá-sa sa mbaile is gan duine aici a phógfadh a béal.
’S má bhíonn tú liom, bí liom os comhair lán an tí,
’S má bhíonn tú liom, bí liom de ló gheal is d’oíche,
’S má bhíonn tú liom, bí liom gach orlach de do chroí,
’Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.
Mo Cheallachín Fionn
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Is loingis faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.
Óra, chuaigh sé a’ rith geallta, chuaigh sé a’ rith geallta,
Chuaigh sé a’ rith geallta, mo Cheallachín Fionn,
Chuaigh sé a’ rith geallta i sliogáinín bairneach,
Is bhuach sé trí gheall, mo Cheallachín Fionn.
’Dul soir Cora Fhidhinse, ’dul soir Cora Fhidhinse,
’Dul soir Cora Fhidhinse ’sea chaith sé a stiúir,
’Dul soir Cora Fhidhinse, ’dul soir Cora Fhidhinse,
’S ní phósfadh sé anois nó go bhfaighe sé bád nua.
’S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
’S nach fada uaim siar é, mo Cheallachín Fionn?
’S nach fada uaim siar é, is ón gClochán ariar é
’S go seola Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
‘Gus loingeas faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.
Óra, máistir báid mhóir é, óra, máistir báid mhóir é,
Óra, máistir báid mhóir é, mo Thomáisín Green,
Ní chraitheann sé an smól ach oibríonn sé an scód,
’S nach shin drochmheas mhór ar do Cheallachín Fionn?
Tá capall is carr, tá capall is carr,
Tá capall is carr i nGaillimh le mí,
Tá capall is carr, tá capall is carr,
Ag iarraidh gléas bainse don Cheallachín Fionn.
’S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
’S nach fada uaim siar é, mo Cheallachín Fionn?
’S nach fada uaim siar é, is ón gClochán aniar é
’S go seola Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
‘Gus loingeas faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.
’Sé Páidín na hAirde, ’sé Páidín na hAirde,
’Sé Páidín na hAirde a chuir clár ina taobh,
’Sé Páidín na hAirde, ’sé Páidín na hAirde,
’Gus rigeáil sé amach í don Cheallachín Fionn.
’Sé mac Mháinín Mór é, ’sé mac Mháinín Mór é,
’Sé mac Mháinín Mór é, mo Cheallachín Fionn,
’Sé mac Mháinín Mór é, ’sé mac Mháinín Mór é,
As Baile Iorrais Mhóir é, mo Cheallachín Fionn.
’S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
’S nach fada uaim siar é, mo Cheallachín Fionn?
’S nach fada uaim siar é, is ón gClochán aniar é
’S go seola Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Is loingis faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.
Ag bun Chruach na Caoile, ag bun Chruach na Caoile,
Ag bun Chruach na Caoile is ea stríocann na báid,
Ag bun Chruach na Caoile, ag bun Chruach na Caoile,
Agus siúd é siar Green, is tá bratach ina chrann.
Ag tóin Sceirde Mór, ag tóin Sceirde Mór,
Ag tóin Sceirde Mór, tá soithigh mo lao,
Ag tóin Sceirde Mór, ag tóin Sceirde Mór,
Agus raiceáladh ceann acu is tháinig sí i dtír.
’S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
’S nach fada uaim siar é, mo Cheallachín Fionn?
’S nach fada uaim siar é, is ón gClochán aniar é,
’S go seola Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
‘Gus loingis faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.
Bhí punt do Dhaideo is bhí punt do Mhamó,
’S bhí punt do Dhaideo ag mo Cheallachín Fionn,
Bhí punt do Dhaideo is bhí punt do Mhamó
’S an chuid eile len ól ag mo Cheallachín Fionn.
‘S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
’S nach fada uaim siar é, mo Cheallachín Fionn?
’S nach fada uaim siar é, is ní fheicfidh mé i mbliana é,
’S go seola Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.
Is iúdail í, adail í, iúdail í, adail í,
Iúdail í, adail í, soithigh mo lao,
Is iúdail í, adail í, iúdail í, adail í,
Iúdail í, adail í, mo Cheallachín Fionn.
Eleanór, a Rún
Mo ghrá den chéad fhéachaint thú, ’Eleanóir, na rún,
Is ortsa a bhím a’ smaoineamh, tráth a mbím ar mo shuain
Mo ghrá den tsaol thú, ó mo chéad searc, is tú is deise ná ban Éireann,
’S a bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Ach chúns a mhairfeadsa beo, beidh gean a’m ort,
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat,
’Eleanóir, na rún.
’S bhí bua aici go meallfadh sí na héanlaith ón gcrann,
’S bhí bua eile aici go dtóigfeadh sí an corp fuar ón mbás,
’S bhí bua eile aici nach ndéarfaidh mé mar ’sí grá mo chroí is mo chéad searc,
’S a bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Ach chúns a mhairfeadsa beo, beidh gean a’m ort,
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat,
’Eleanóir, na rún.
’S an dtiocfaidh tú nó ’bhfanfaidh tú, ’Eleanóir, ‘a rún?
Nó an aithneofá an té nach gcáinfeadh thú, mo chuid den tsaol is a stór?
Ó tiocfaidh mé ach ní fhanfaidh mé, is maith a d’aithneoinn an té nach gcáinfeadh mé,
’S a bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Ach chúns a mhairfeadsa beo, beidh gean a’m ort,
Mar is deas mar a sheolfainse na gamhna leat,
’Eleanóir, na rún.