HOME » Programmes » AMHRÁIN IS ANSA LIOM » Guests » Séamus Ó Beaglaoich

Tonight’s guest is Séamus Ó Beaglaoich from Baile na bPoc, Corca Dhuibhne, Co. Kerry. He will sing and talk about his favourite songs: ‘Marbhna Thomáis Ághais’, ‘An Díbeartach ó Éirinn’ and ‘Slán Cois Máigh’.

An Díbearthach ó Éirinn

Do tháinig cois na taoide an Díbearthach ó Éirinn
A dhlaoi fliuch ón spéir agus éadach ón áir
Ba sciosmhar dá chaoineadh a thír is é ina aonar
San oíche faoi bhléin chnoic na sceirde gan scáth
Bhí a shúile is a intinn go cruinn ar an réilteán
a thugadh fios an lae dhó in Inis na Féile
Mar a gcanadh sé le díogras a chroí istigh an dréacht seo:
“Bua agus treise leat a Éirinn go brách”.

“Is trua é mo chúis” arsan sciúrling bocht céasta
“Gan suairceas gan faoiseamh ó phéin nó ó ghá
Níl áitreamh mo chumhdaigh i dtriúcha an tsaoil seo
Fiaphoic is faoilinn cé féidir leo é fháil.
Ní fheicfeadsa choíche an choill chlúthmhar chraobhach
Mar a mbíodh mo mhuintir ag síor chleachtadh saor-chleas
Ní chuirfead bláth ná mínscoth ar mo chaoin-chruit dá gléasadh
Is ní bhuailfead a téada ar Éirinn, go brách.”

Share |
TG4 is not responsible for the content of external websites