An Klondike 2 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

An Klondike 2

     

Tá sé ina réabadh i Dominion anois go bhfuil
rath ar phleananna Chaptaen Pat.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: 12A

Sraith buachaillí bó ceithre pháirt faoi na deartháireacha Connolly; triúr inimirceach as Éirinn a chuaigh ó Montana go dtí an Yukon le linn Fhuadar Óir na 1890idí agus iad ag súil a saibhreas a dhéanamh. Sa chlár deiridh, méadaíonn an choimhlint idir Tom agus Séamus agus bíonn sé ina raic; agus éiríonn achrann idir Pádraig Connolly agus an Captaen Pat Galvin.

Chéad Taispeántas: 13 Dfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

An Klondike 2

Tabharfaidh an tsraith ceithre chlár seo an lucht féachana ar ais go dtí An Klondike agus go Dominion Creek.   Tosaíonn an tsraith cúpla seachtain i ndiaidh an méid a thit amach ag deireadh Shraith 1 agus deartháireacha Connolly ag coimhlint leis an saol le linn fhuadar óir an Klondike sna 1890í.   Aon mhuintir amháin iad muintir Uí Chonghaile, dream nár mhaith duit seasamh ar chois orthu ach is beag dlí anois atá in Dominion Creek agus táid ann ar mian leo dochar agus díobháil a dhéanamh do na deartháireacha, dá muintir agus dá slí bheatha.

Scéal faoi shaint, grá, dílseacht agus ór.

 

Léiriú le Abú Media

Físeáin ar Fáil