Ar Scoil Arís | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Ar Scoil Arís

Domh
8.30pm
Luan
7.30pm
     

An tseachtain seo tabharfaidh Máirtín Davy Ó
Coisdealbha cuairt ar Scoil na hAirde Móire i gCill Chiaráin.

Físeáin Faoi Thrácht

Fógraíocht

Ar Scoil Arís 1-2
34Lá Fagtha

Rátáil Tuismitheora: G

I 1986 thug Máirtín Davy Ó Coisdealbha cuairt ar scoileanna náisiúnta ar fud Chonamara mar chuid den tsraith teilifíse 'Ar Scoil' a craoladh ar RTÉ. Labhair sé le gasúir scoile na háite faoi dhul ar scoil agus na nithe uilig a bhí rún acu a dhéanamh nuair a bheidís mór. Anois, tríocha bliain ina dhiaidh, tabharfaidh Máirtín Davy cuairt ar na scoileanna céanna sin arís, labhróidh sé le scoláirí an lae inniu chomh maith leis na hiar-scoláirí a chuir sé faoi agallamh tríocha bliain ó shin. An tseachtain seo tabharfaimid cuairt ar Scoil na hAirde Móire i gCill Chiaráin.

Chéad Taispeántas: 15 Ean

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

30 bliain ó shin i 1986 mar chuid de shraith teiIifíse ‘Ar Scoil’, thug Máirtín Davy Ó Coisdealbha cuairt ar scoileanna náisiúnta ar fud Chonamara. Labhair sé le gasúir scoile na háite faoi dhul ar scoil agus faoi na brionglóidí a bhí acu. Anois, 30 bliain ar aghaidh i 2016, tugann Mairtín Davy muid ar bhoithrín na smaointe nuair a bhuaileann sé le cuid de na gasúir sin agus iad anois fásta suas, chomh maith le gasúir scoile 2016.

Sa tsraith nua seo tá deis uathúil againn breathnú ar an saol a bhí agus atá i gceantair eagsúla i gConamara. Baineann muid úsáid as ábhar cartlainne na sraithe i 1986 chun muid a thabhairt siar tríocha bliain le bualadh le cuid de hiar-scoláirí na scoile.

Thar 6 seachtainí tugann muid cuairt ar Scoil Cholmáin i Maigh Inis, Scoil na hAirde Móire, Scoil Rónáin sa Trá Bháin, Scoil Mhuire i Ros Muc, Scoil Sailearna in Indreabhán agus Scoil Bhriocáin, Ros Muc – agus muid ar thuras scoile ar fud Chonamara.

Is cuimhin linn ar fad ár laethanta scoile, ach cé againn a fháigheann an deis breathnú siar orthu?

Físeáin ar Fáil