Ar Shlí na Fírinne | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Ar Shlí na Fírinne

Dom
8.00pm
Lua
12:30pm
     

Nósmhaireachtaí adhlactha agus reilige na hÉireann.

Sraith 6 chlár faoin reilig agus a ról lárnach i saol agus i gcultúr na hÉireann. Is cuid den saol an bás agus cé go bhfuil athrú beag ag tarlú sa tír le scór bliain anuas, is gnách gur i reilig a chuirtear corp an Éireannaigh tar éis a bháis. Fágann sin gur iomaí tagairt inár litríocht don reilig – anuas go Cré na Cille féin, an saothar iontach le Máirtín Ó Cadhain atá lonnaithe go huile is go hiomlán i reilig. Sa tsraith seo tugann an t-údar aitheanta Séamas Mac Annaidh faoi chuid de scéal na reilige i gcultúr na hÉireann a ríomh le cabhair saineolaithe béaloideasa, staire agus cultúrtha. Tugann sé camchuairt na tíre go bhfiosróidh sé na difríochtaí atá idir na réigiúin maidir leis an mbás agus nósmhaireachtaí adhlactha agus reilige. Fuair an togra seo maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.

Léiriú le Imagine Media

Físeáin ar Fáil