Béaloideas Beo | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Béaloideas Beo

Mái
04.07
     

Súil siar ar Sraith 1 de Béaloideas Beo.

Súil siar ar sraith a 1 de Béaloideas Beo – 13 clár ina nochtfar breis den saibhreas iontach ilghnéitheach béaloideasa agus nósmhaireachtaí eile atá folaithe i saol an lae inniu agus beo bláfar in Éirinn a bhíonn ag ligean uirthi féin go bhfuil na nithe “seanóracha” sin ar fad ligthe i ndearmad againn.

Is é an craoltóir aitheanta, Seán Mac an tSíthigh  an láithreoir agus beidh saineolaithe, scoláirí, seanchaithe agus ceoltóirí ina fhochair sa stiúideo agus iad ag cíoradh agus ag ceistiú an tsaibhris atá faighte againn le hoidhreacht – idir scéalta, nósanna, orthaí, leigheasanna,  beannachtaí, mallachtaí agus modhanna teagmhála leis an saol eile.   Más suim leat an béaloideas, seo an tsraith duit.    Muna bhfuil mórán eolais agat faoin taisce eolais agus comhairle atá ar fáil ann, foghlaimeoidh tú go leor.

Léiriú le Sibéal Teo

Físeáin ar Fáil