Bóthar Buck | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Bóthar Buck

     

Leanann Rossa Ó Snodaigh, (Kíla) aistear Buck Whaley, ó Bhaile Átha Cliath go Jerusalem,

Físeáin Faoi Thrácht

Fógraíocht

Bóthar Buck ag tosú 06/10

Áirítear Buck Whaley ar dhuine de mhór-phearsain Bhaile Átha Cliath le linn na tréimhse ina raibh cáil na réiceála agus an chearrbhachais ar uaisle na cathrach sin, beagán le cois dhá chéad bliain ó shin.

Jerusalem Buck an leasainm a thuill an eachtra is mó atá luaite leis an Uasal Whaley agus tá scéal na heachtra sin agus athchruthú uirthi ar bun ag an gceoltóir Rossa Ó Snodaigh  (Kíla) sa tsraith nua seo, 4 chlár.

Sa mbliain 1788, ghlac Buck Whaley le geall £15,000 nach n-éireodh leis an turas fada, achrannach, baolach as Baile Átha Cliath go Iarúsailéim agus ar ais a thabhairt taobh istigh de dhá bhliain.  Fiontar buile a bhí ann dar lena chairde go léir mar go raibh an Eoraip, an Mheánmhuir, an Tuirc agus an Talamh Naofa le taisteal aige agus bhí cogaíocht agus faltanais go leor idir na tíortha agus na hImpireachtaí sa réigiún.

Dá ainneoin sin, d’imigh sé leis agus rinne a bhealach de réir a chéile – ag ceadú na gceannairí agus á mealladh le cead taistil a thabhairt dó le binneas a bhéil – agus corr bhreab freisin, is cinnte.   Scríobh sé dialann agus cuntas ar chuid de na hiontais a bhain dó. D’éirigh leis dul go ceann scríbe, cruthúnas scríofa a fháil go raibh sé i Iarúsailéim agus filleadh abhaile, taobh istigh de 36 seachtain. Bhí an geall buaite aige agus brabach £8,000 aige as, suim ollmhór ag an am.  Thuill an eachtra cáil dó ar feadh a shaoil.

Cé go bhfuil deiseanna iompair níos fearr ar fáil sa lá atá inniu ann ag Rossa Ó Snodaigh dá thuras féin, tá dúshláin agus deacrachtaí slándála de chineál eile le sárú aige-san freisin ar a thuras 11,000km agus 13 tír le trasnú aige.

Léiriú le Dearg Films.

 

Físeáin ar Fáil