Bus Ghlaschú | Clár Faisnéise | Glascú - Albain | TG4 Skip to main content
Menu

Bus Ghlaschú

     

Tugann an tsraith seo léargas dúinn ar an gceangal
imleacáin atá idir Dún na nGall & cathair Ghlaschú.

Fógraíocht

Bus Ghlaschú 1-4

Rátáil Tuismitheora: G

Creideann daoine áirithe go gcaithfeadh go bhfuil ceangal imleacáin de shaghas éigin idir Dún na nGall agus cathair Ghlaschú in Albain. Is cinnte go bhfuil daoine ag dul anonn is anall eatarthu leis na céadta bliain. Tugann an tsraith 4 chlár seo léargas dúinn ar an gceangal sin sa lá atá inniu ann agus ríomhann cuid den stair agus den seanchas a bhaineann leis an gcaidreamh ilchineálach atá idir an dá áit. Sa gceathrú clár, déanfaidh Sean Gallagher (24) a bhealach as Árainn Mhór go Glaschú. Tabharfaidh Daniel O'Donnell chun cuimhne na cuimhní atá aigesean ar an mbus.

Chéad Taispeántas: 3 Lun

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Bus Ghlaschú

Creideann daoine áirithe go gcaithfeadh go bhfuil ceangal imleacáin de shaghas éigin idir Dún na nGall agus cathair Ghlascú in Albain. Is cinnte go bhfuil daoine ag dul anonn is anall eatarthu leis na céadta bliain.

Go minic, b’é an bus an t-aon mhodh taistil poiblí idir an dá áit agus tugann an tsraith 4 chlár seo léargas dúinn ar an gceangal sin sa lá atá inniu ann agus ríomhann cuid den stair agus den seanchas a bhaineann leis an gcaidreamh ilchineálach atá idir an dá áit.

Is beag gné den saol nach bhfuil feicthe ag tiománaithe agus paisinéirí an bhus ar leith seo. Breith, bás agus bainis, tá an bus ann le friotháil ar an uile dhuine.

Orthu sin atá páirteach, tá úinéirí na gcomhlachtaí bus, Feda Ó Domhnaill, John McGinley agus Antoine Ó Dochartaigh agus a gcuid tiománaithe, Pádraig Ó Fearraigh agus Séamus Ó Dochartaigh, agus na paisinéirí, ina measc Packie Bonner, cúlbáire iomráiteach na hÉireann agus Cheiltigh Ghlaschú, a rinne an turas bus chaon bhealach go minic agus é ina imreoir óg agus Lorraine McIntosh ón ngrúpa aitheanta ceoil Deacon Blue.

Físeáin ar Fáil