Celtic Connections 2017 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Celtic Connections 2017

Domh
9.30pm
     

Dé Domhnaigh @ 9.30pm

Fógraíocht

Celtic Connections 11-3

Rátáil Tuismitheora: G

An tríú clár den tsraith ceoil Celtic Connections 2017 á chur i láthair ag Dónal O'Connor. Mar chuid den Fhéile Celtic Connections i mí Eanáir a taifeadadh an clár seo. I measc na gceoltóirí agus na n-amhránaithe anocht beidh an t-amhránaí agus scríbhneoir Tift Merrit, an banna iontach Atlantic Arc Orchestra, na deirfiúracha Brìghde and Stephanaidh Chaimbeul, banna as Críoch Lochlann, Vishten, Donal O'Connor, Niamh Dunne & Sean Óg Graham agus Dirk Powell agus Darlingside.

Chéad Taispeántas: 17 Mfo

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Celtic Connections

Tá an fhéile mhór cheoil seo ar bun i nGlaschú ar cheann de mhór-imeachtaí an cheoil sa gcuid seo den domhan gach bliain agus bíonn triall na gceoltóir is fearr ó na críocha Ceiltleacha ar fad uirthi.
Go deimhin, tagann oirfidigh den scoth ó gach ceard den domhan ann agus iad ag bualadh le sean-chairde ceoil nó ag cur aithne den chéad uair ar a chéile.
Is coire ceoil é go deimhin ina mbíonn stíleanna éagsúla ag bualadh faoi chéile agus ag ath-chruthú na gceangal cultúrtha atá eadrainn leis na céadta bliain.
Tugann an tsraith seo le chéile an chuid is fearr de na seisiúin ón Hillhead Bookclub, tábhairne áitiúil i lár na cathrach á chur i láthair ag ár sár-cheoltóir féin Dónal O’Connor.
Bainfidh tú ceol as leithéidí Mary Chapin Carpenter, Tift Merrit & Sarah Jarosz, Roberta Sa gan trácht ar bhannaí ón tír seo agus as Albain Ìmar, McGoldrick, McCusker and Doyle.
Agus é ar chamchuairt na cathrach, castar tulleadh laochra eile ceoil leis, ina measc Phil Cunningham, Four Men and a Dog, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Maitiú Ó Casaide.
Bainfidh tú ceol as Celtic Connections!

Físeáin ar Fáil