Celtic Media Festival | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Celtic Media Festival

     

Cláracha TG4 atá ar an ngearr liosta do
ghradaim Celtic Media Festival 2017, atá
ar siúl ón 26ú Aibreán – 7ú Bealtaine.


Is Eolaí Mé

Sraith eolaíochta spraíúil atá á chuir I láthair ag Peadar Ó Gioll óna shaotharlann ina áiléir. Tá gach eagrán dírithe ar théama faoi leith ó dhomhantarraingt go chúrsaí fhóiréinseacha. Beidh Peadar ag baint triail as teoiricí eolaíochta ar bhealaigh spraíúil – súrfáil eitleoige, ag tabhairt cuairt ar thuirbín gaoithe & srl. Beidh aíonna óga ag tabhairt cuairt ar Pheadar chun turgnaimh a thástáil agus beidh Úna Ní Fhlatharta ag tuairisciú ó suíomhanna shuimiúla sa tír agus buailfimid leis an t-Ollamh Ullamh & a chúntóir Aodh I míreanna grinn dubh & bán.

EIPIC

Sraithdhráma Gaeilge, 6 chlár, atá suite i saol an lae inniu agus a bhfuil macalla glórach na staire le brath ar a chomhthéacs. Seo scéal réabhlóide cheoil, iarracht ag cúigear oirfideach éirí amach dá gcuid féin a bhunú i 2016 – trí sheilbh a ghlacadh ar oifig an phoist tuaithe atá dúnta.

Port

Sraith faisnéise ceoil á chur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na hAlban. Fiosróidh siad an ceol agus an cultúr a bhaineann le cathracha agus ceantair faoi leith in Albain agus in Éirinn. Beidh ceoltóirí den scoth ina dteannta i ngach clár agus casfaidh siad le neart cairde agus ceoltóirí agus iad ar chamchuairt.

Oíche Chaillte an tSeanchaí

Clár faisnéise faoi scannán tábhachtach faoi Árainn a taifeadadh i 1934 ach a bhí caillte ar feadh seachtó bliain. Sa mbliain 1934 stiúraigh an scannánóir ceannródúil Robert Flaherty scannán gearr Oidhche Sheanchais, díreach tar éis dó a shaothar cáiliúil Man of Aran a chur le chéile. Rialtas na hÉireann a mhaoinigh an dara scannán seo agus feictear ann seanchaí as Árainn ag insint scéalta cois teallaigh. Áirítear é ar an gcéad scannán riamh inarb í an Ghaeilge an t-aon teanga atá le cloisteáil ann.

Eoin Mac Néill: Fear Dearmadta 1916

An oíche roimh Éirí Amach na Cásca 1916 d’eisigh Eoin Mac Néill, Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, freasordú ag cur an Éirí Amach ar ceal. D’fhanfadh sin leis go brách. Féachtar sa chlár seo ar an réabhlóidí as Ulaidh agus an bhaint a bhí aige le hathbheochan na Gaeilge, a ról mar Cheann Foirne ar Óglaigh na hÉireann, an tionchar a bhí ag an gCogadh Cathartha ar a mhuintir agus an t-údar a cheap sé Éirí Amach na Cásca a chur ar ceal.

Tríd an Lionsa – Headhunters

Sraith a léiríonn an saibhreas iontach atá le fáil sna taiscí cartlainne de ghrianghrafanna a tógadh in Éirinn idir 1880-1902. Tháinig eolaíocht nua chun cinn sna 1890idí a rinne staidéar ar an gcine daonna. Thug Alfred Cort Haddon agus Charles Brown faoi shuirbhé eitneagrafaíochta ar phobail chósta an iarthair, ag tomhais a gcloigne. Uirlis ab ea an ghrianghrafadóireacht sa tsuirbhé agus scrúdóidh an clár seo na pictiúir sin. Tógadh na pictiúir agus tomhaiseadh na cloigne ar mhaithe leis an eolaíocht, eolaíocht a bhí fréamhaithe i gciníochas agus dearcadh coilíneach.

Físeáin ar Fáil