Ceol ar an Imeall | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Ceol ar an Imeall

Déa
10.30pm
Domh
11.55pm
     

Sraith nua de Ceol ar an Imeall

Fógraíocht

Ceol ar an Imeall 4-8

Rátáil Tuismitheora: PG

Lisa O'Neill, amhránaí agus cumadóir as Co. an Chabháin agus atá ag obair ar a dara albam a bheidh ag ceol dúinn anocht. Inár dteannta freisin beidh an banna ceoil as Co. Chill Dara, Soldiers Can't Dance a bhfuil a ndara albam 'Me and My Ghost' eisithe acu. Cuirfidh Una Mullally agallamh ar bhanna ceoil eile, Purity Ring as Montreal i gCeanada.

Chéad Taispeántas: 9 Nol

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC] ag bun an scáileáin.

The Statics, Colder Seas agus Randolf and the Crokers a bheidh beo sa stiúideo anocht. Casfaidh Eithne Shortall le The Staves. Á chur i láthair ag Cian Ó Cíobhán.

Sraith cheoil deich gclár ina mbeidh MARK RONSON, ST VINCENT, HAM SANDWICH, HOT CHIP, JOSÉ GONZÁLEZ, CHVRCHES agus EVERYTHING, EVERYTHING.

Tá Ceol ar an Imeall, sraith cheoil TG4, ar ais don seachtú sraith. Na ceoltóirí idirnáisiúnta is mó cáil ar domhan a mhealladh chuig clár ceoil Éireannach – sin an sprioc a bhí ag an gclár i mbliana agus í bainte amach go maith aige. Beidh agallaimh le leithéidí St Vincent agus Mark Ronson le feiceáil, chomh maith le plúr an cheoil indie, mar a bhí ón tús. Beidh scoth na mbannaí as Éirinn ag casadh beo, ina measc Ham Sandwich, Bitch Falcon agus Oh Boland, chomh maith leis na bannaí idirnáisiúnta Sam Amidon, The Staves agus Ryley Walker.

Cian Ó Cíobháin agus Eithne Shortall láithreoirí an chláir.

Tá spéis mhór ag Cian i gceol nua agus is láithreoir é ar chlár ceoil indie Raidió na Gaeltachta, An Taobh Tuathail. Eisean a chuirfidh plúr na mbannaí Éireannacha inár láthair, ina measc Fierce Mild agus Buffalo Woman: “Is mó díomá ná sceitimíní a chuireann rac-cheol giotáir an lae inniu atá in ainm is a bheith ailtéarnach orm. Ach, ar ghrúpaí dúchasacha ard-éirimiúla mar Bitch Falcon, Oh Boland agus Fierce Mild a chloisteáil, a bhuíochas don chlár seo, tháinig athrú intinne orm. Tá todhchaí dearfach romhainn.”
Eithne, iriseoir ealaíon, bean mhór ceoil agus saineolaí agallamh, a labhair leis na bannaí móra idirnáisiúnta. Le linn na sraithe deich seachtaine, cloisfear ceol ó 23 bhanna Éireannach agus agallaimh le deich gceoltóir idirnáisiúnta. Labhróidh St Vincent faoin tionchar mór a bhí ag a máthair uirthi agus faoi mar a chuireann sí nósmhaireacht na háilleachta as a riocht; labhróidh José Gonzalez ar a chúlra mar theifeach; míneoidh Everything, Everything conas cúrsaí polaitíochta a chur in amhrán pop; agus labhróidh Chvrches ar mhí-úsáid ar líne.

 

Físeáin ar Fáil