Ceol ón Chlann | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Ceol ón Chlann

     

Sraith nua a thugann léargas ar chlanna ceolmhara.

Fógraíocht

Ceol ón Chlann 2-3

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith ina dtugtar chun cuimhne teaghlaigh aitheanta ceoil a bhfuil a rian fágtha go domhain acu ar oidhreacht cheoil na tíre. Na deartháireacha Brendan, Declan agus Paul Murphy a bheidh faoi chaibidil anocht a bhunaigh an banna The Four of Us san Iúr sna hochtóidí in éineacht leis an drumadóir Peter McKinney. An t-amhrán 'Mary' an t-amhrán ba mhó le rá acu, amhrán go deimhin a bhfuil an-tóir fós air sa lá atá inniu ann.

Chéad Taispeántas: 10 Nol

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC] ag bun an scáileáin.

Sraith nua a thugann léargas ar chlanna ceolmhara:

Muintir Shannon:  Bhí ceol traidisiúnta mar dhlúthchuid de shaol teaghlaigh Gary, Majella, Sharon agus Mary Shannon agus iad ag fás aníos i gContae an Chláir. Thosaigh Gary, an mac is sine, ag foghlaim ceoil ar dtús agus ní i bhfad gur lean a dheirfiúracha é. Ba sa ghrúpa Dísirt Tola,  a bhfuair siad blas don cheol proifisiúnta i dtús.

Muintir McManus  (Mama’s Boys): Tógadh i dteaghlach ceolmhar iad Pat, John agus Tommy Mc Manus agus gach chinéall uirlis ceoil sa teach acu.  Ina dhiaidh dóibh The Horslips a chloisteáil, scaoil siad leis na huirlisí traidisiúnta agus bhunaigh siad an banna rac-cheol crua Mama’s Boys

Muintir Murphy (The Four of Us): Chuir na deartháireacha Murphy as Iúir Cinn Trá an banna ceoil The Four of Us le chéile ag deireadh na 80idí. Bhí briseadh fríd acu leis an shingil iomráiteach ‘Mary’ agus d’eirigh leo Irish Top 10 a bhaint amach. Ina dhiaidh 25 bliain, is iad Brendan agus Declan na baill atá fagtha agus creideann siad go bhfuil siad níos láidre na riamh.

Muintir Cluskey  (The Bachelors): Leathchéad bliain ó shin bhí cailiní déagóra splanctha i ndiaidh The Bachelors. Is as Baile Átha Cliatha iad, deartháireacha Conleth agus Declan Cluskey agus in éineacht le John Stokes chuir siad an chéad ‘boy band’ Éireannach ar bun a bhí na mná faoi chois acu.

Muintir Bheaglaoich: Tá muintir Uí Bheaglaoich saite i gcultur agus i gceol traidisiúnta Gaeltacht Chiarraí. Teaghlach naonar as leithinis an Daingin, ceoltoirí is amhránaithe den scoth iad ar fad.

Muintir McSherry  (Tamalin): Rugadh agus tógadh Muintir Mc Sherry in iarthar Bhéal Feirste. Bhí ceol traidisiúnta ina dhlúthchuid dén shaol agus iad ag fás aníos agus bua na ceoil acu go léir. Bhunaigh siad an banna ceoil Tamalin sna luathnócháidí agus thaistíl siad ar fud na cruinne lena stíl cheoil uathúil.

Léirithe ag Stirling Productions

Físeáin ar Fáil