Cleas Act | TG4 | Siamsaíocht | Ceol | Scoil | Daltaí | Seo Linn Skip to main content
Menu

Cleas Act

Domh
8.30pm
Céad
7.30pm
     

Cuirfear na páistí is barrúla, is caintí agus is cumasaí sa tír
in bhur láthair gach Domhnach.
Dé Domhnaigh @ 8.30pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Buailfidh na láithreoirí Eibhlín Ní Chonghaile agus Stiofán Ó Fearail le daltaí Ghaelscoil Philib Barún i dTrá Mhór. Ní bheadh a fhios agat beo céard a déarfadh na páistí seo agus iad ag caint faoi na nithe is maith leo agus na nithe nach maith. Féachfaidh an scoil lena leagan féin den amhrán 'Havana' ó Camila Cabello a dhéanamh le cabhair ón mbanna ceoil mór le rá, agus banna tí 'Cleas Act', Seo Linn. Stephen O'Keeffe a bheidh ina aoi speisialta ar an gclár.

Chéad Taispeántas: 23 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Ar shraith nua siamsaíochta TG4 cuirfear na páistí is barrúla, is caintí agus is cumasaí sa tír in bhur láthair gach Domhnach as seo go ceann 12 seachtain. Buailfidh na láithreoirí Eibhlín Ní Chonghaile agus Stiofán Ó Fearail ó Seo Linn le daltaí scoile as scoileanna éagsúla timpeall na tíre agus labhróidh siad faoi nithe atá ar bun acusan sa saol chomh maith le hamhrán a chasadh i nGaeilge in éineacht le banna ceoil an tí, Seo Linn.
 

I gClár 11:
Buailfidh na láithreoirí Eibhlín Ní Chonghaile agus Stiofán Ó Fearail le daltaí Scoil Chonaill ar an mBun Beag. Ní bheadh a fhios agat beo céard a déarfadh na páistí seo agus iad ag caint faoi na nithe is maith leo agus na nithe nach maith. Féachfaidh an scoil lena leagan féin den amhrán ‘Strangers’ ó Sigrid a dhéanamh le cabhair ón mbanna ceoil mór le rá, agus banna tí ‘Cleas Act’, Seo Linn. Caitlín Nic Aoidh a bheidh ina haoi speisialta ar an gclár.
 

Físeáin ar Fáil